Seán Ó Coileáin

Seán Ó Coileáin

Grianghrafadóir: Seán Ó Mainnín

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 5 Feabhra 2020

Suíomh: Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Tá a shaol acadúil caite ag Seán Ó Coileáin le léann agus le litríocht na Gaeilge idir shean agus nua. Ar na daoine is mó a chuir oiliúint air fan na slí, áiríonn sé An tAthair Liam Leader ar an meánscoil i mBeanntraí; R. A. Breatnach agus Séamus Caomhánach ar an ollscoil i gCorcaigh; John Kelleher agus Albert Lord in Ollscoil Harvard; Tomás Ó Murchú (‘De Valera beag’), Cáit (‘Bab’) Feiritéar agus Seosamh Ó Dálaigh i gCorca Dhuibhne. Ba mhór an chabhair, leis, do an bhuíon bhreá scoláirí a bhí ina thimpeall le linn do a bheith ina léachtóir agus ina ollamh i gCorcaigh, agus is minic é ag glaoch fós orthu.

Ana-chara do bheirt acu, An tAthair Tadhg Ó Murchú, a thug aithne dho ar Sheán Ó Ríordáin timpeall na bliana 1967, fear nár éirigh leis scarúint riamh ó shin leis: ladhar alt curtha le chéile aige air i gcaitheamh na mblian, chomh maith le Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar, saothar a bhain an phríomhdhuais liteartha a mhaoinigh an Foras Cultúrtha Gael-Mheiriceánach (1984); súil aige fós le rogha aistí próis an Ríordánaigh a thabhairt ar an saol thar n-ais i dteannta a chéile.

Spéis leanúnach aige i dteanga agus i litríocht Chorca Dhuibhne agus é tar éis An tOileánach a chóiriú as an nua (2002). Súilfhéachaint i gcónaí aige ar sheanchas agus ar litríocht na seanaimsire, gurb iad a bhí aige chun na dochtúireachta fadó, agus ar léann an bhéaloidis. Mórán eile i gcúl a chinn aige má gheibheann sé caoi orthu, ach dá fhaid é an lá is é dán na hoíche teacht.

Born in Bantry, Co. Cork, 19th May, 1945.

Primary and secondary education at Dromore National School and Coláiste an Spioraid Naoimh, Beanntraí.

College and County Council scholarships enabled study at University College Cork (UCC), 1963–1966, graduating with first-class honours BA in Irish and English.

Mansion House Scholarship in Irish, 1966.

Travelling Studentship of the National University of Ireland and first-class honours MA in Irish, 1967.

Graduate student in the Department of Celtic Languages and Literatures, Harvard University, 1968–1972. Awarded AM 1969 and PhD in 1972; doctoral thesis entitled ‘The Guaire Cycle: a study in Irish tradition’.

Appointed statutory lecturer in Irish, UCC, 1973 and Professor of Modern Irish Language, UCC, 1983.

Professor of Irish Studies, Harvard University, 1984–1985.

Served on Governing Body, UCC, for some 13 or fourteen years from late 1980s onwards.

Appointed first Staff Ombudsman, UCC, 2001.

Member of Governing Board, School of Celtic Studies, Dublin Institute for Advanced Studies, 1987–1995.

Member of Senate, National University of Ireland, 1992–2002.

Elected to membership of Royal Irish Academy, 2004.

Professor Emeritus, UCC, 2006–.

Dáta breithe: 19 Bealtaine 1945

Áit bhreithe: Beanntraí

Scaip an phortráid seo:

Pé locht a gheobhaimis anois air, is é An tOileánach a chóirigh An Seabhac An tOileánach i gcónaí. Ar shlí, is mó a ghéillim féin do tar éis mo dhíchill ná mar a ghéillim don saothar atá cóirithe as an nua agam ó láimh Thomáis. Ní chreidim go n-éireoidh liom eagrán An tSeabhaic a chur i leataoibh go brách—agus é sin im pháirt féin de gan an dara duine a bhac. Sin é a thug an svae leis óna bhfuil de leabhartha litríochta sa Nua-Ghaeilge. Tá fuinneamh na staire fé, fuinneamh an tsaoil gur ghaibh sé tríd, fuinneamh cúpla glúin Ghael, fuinneamh agus fuairnimh na haislinge nár fíoradh. Mar seo a chuireas é sa Réamhrá leis an eagrán agam féin ag tagairt don gcéad eagrán san An tSeabhaic: ‘Cuid mhór thábhachtach de stair na Gaeilge agus de stair an Stáit, agus dá raibh de dhóchas acu as a chéile, is ea An tOileánach. Is as a fáisceadh sinn; is ann a chuireamair aithne orainn féin mar chine ar chuma ná déanfaimid arís go deo mar go bhfuil an ré sin na húire i leataoibh agus nách féidir an saol ná an aisling a chur ar bun arís an athuair.’ Fadó riamh a sheol an bád áirithe sin agus gan brath ar an dara bád a theacht suas linn. Dhein miotas náisiúnta den leabhar, miotas gur deacair fáil réidh leis agus gur deacra ná san aon mhiotas eile a chur ina áit. Ní hí aimsir na miotas ná ré na laoch í seo. Bímís ag gabháil don Oileánach a chóiriú agus a athchóiriú anois mar is maith linn, ach ní hé An tOileánach a thuilleadh é ach téacs. Agus ní téacs beo é ach téacs marbh gur ón dtaobh amuigh a déanfar é a thuiscint agus é a phársáil feasta, má deintear. Ní linn féin ná le héinne eile anois é le ceart. Tá an cóipcheart cine rite.

Seán Ó Coileáin, ‘An Seabhac agus Scríbhneoirí an Bhlascaoid’, in Deirdre Ní Loingsigh, Lesa Ní Mhunghaile agus Ríonach uí Ogáin, eag., ‘Rí na Gréine’: Aistí i gCuimhne ar An Seabhac (An Cumann le Béaloideas Éireann, 2015), 103–4.