Séamas Mac Annaidh

Séamas Mac Annaidh

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 22 Márta 2011

Suíomh: Co. Fhear Manach

Seánraí: Staraí, Úrscéalaí

Maíonn Séamas Mac Annaidh gur ficsean a scríobhann sé i nGaeilge agus gur stair a scríobhann sé i mBéarla. Ach is corrach an saol atá caite aige agus is léir tionchar an tsaoil sin ar an sé úrscéal agus dhá chnuasach gearrscéalta atá foilsithe aige go dtí seo. Léirítear eispéireas an déagóra sa ré punc in Cuaifeach Mo Londubh Buí (Coiscéim, 1983), eascraíonn Dioscó Dé (Coiscéim, 2006) ón tréimhse a chaith sé mar mhúinteoir Béarla sa Tuirc, agus nuair a thug sé cuairt ar chateau an Phrionsa Youssoupoff sa Bhriotáin cúpla bliain ó shin fuair sé scothábhar scéil ann le haghaidh Ar Ais Go Keriolet (Coiscéim, 2011). Maíonn sé fosta gur scríbhneoir lánaimseartha Gaeilge é ó 1989, tráth ar ceapadh ina scríbhneoir cónaítheach é in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste. Ó shin i leith, tá tréimhsí caite aige sa phost céanna in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Ollscoil Uladh. Chomh maith leis sin, tá seal caite aige mar láithreoir raidió agus teilifíse le BBC Tuaisceart Éireann, mar eagarthóir ealaíon le , agus bíonn sé ag gabháil don aistriúchán agus don taighde staire i rith an ama chomh maith.

Séamas Mac Annaidh claims to write fiction in Irish and history in English but he has led an eventful life and this shows in the six novels and two collections of short stories he has published thus far. Cuaifeach Mo Londubh Buí (Coiscéim, 1983) depicts teenage life in the punk era, Diosco Dé (Coiscéim, 2006) derives from his experiences as an English teacher in Turkey, and when he visited Prince Youssoupoff's chateau in Brittany several years ago he found the ideal subject matter for Ar Ais go Keriolet (Coiscéim, 2011). He has been a full-time writer in Irish since 1989 when he was appointed writer-in-residence in Queens University, Belfast. He has also fulfilled the same role at the National University of Ireland, Galway, and the University of Ulster. He has spent time as a television and radio presenter with BBC Northern Ireland, as arts editor of , and he continues to work as a translator and history researcher.

Dáta breithe: 1961

Áit bhreithe: Baile Átha Cliath

Scaip an phortráid seo:

I gceann seacht lá agus seacht n-oíche tháinig siad go himeall na coille. Thóg Giolgamais tua ón chrios aige, chuir Enkidu faobhar uirthi agus thosaigh siad a bhaint. Leag siad crann amháin agus ansin an dara ceann. ‘Tiocfaidh an fathach amach anois,’ arsa Gilgamais, ach níor tháinig. Ghearr siad an tríú agus an ceathrú crann. ‘Tiocfaidh an fathach amach anois,’ arsa Giolgamias, ach níor tháinig. Ghearr siad an cúigiú agus an séú crann. ‘Tiocfaidh an fathach amach anois,’ arsa Giolgamais, ach níor tháinig. ‘Tá tuirse orm anois,’ arsa Giolgamais. Luígh sé síos agus chonaic sé aisling nár thaitin leis. D’éirigh sé agus leag sé crann amháin eile. Thit an crann go lár na coille. Ardaíodh scread mhíofar ghránna a chuir an talamh ar crith.

‘What the fathach!’ arsa Giolgamais.

‘Tá mé ag déanamh gurb é sin an fathach,’ arsa Enkidu.

Séamas Mac Annaidh, sliocht as Cuaifeach Mo Londubh Buí , lch 92 (Coiscéim, 3ú heagrán 2005)