Sadhbh Devlin

Sadhbh Devlin

Grianghrafadóir: Lára Ní Mhaoláin

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 11 Márta 2023

Suíomh: Bré, Co. Chill Mhantáin

Rugadh agus tógadh Sadhbh Devlin i gCo. Chill Mhantáin. Tá céim aici sa Drámaíocht agus sa Nua-Ghaeilge ó Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Chaith sí tréimhse fada ag obair leis an eagraíocht ‘Comhluadar Teo.’ – eagraíocht a thug tacaíocht do theaghlaigh a bhí ag tógáil clainne le Gaeilge.

Tá ceithre phictiúrleabhar dá cuid foilsithe ag Futa Fata ó 2017. Ainmníodh a dara leabhar, Beag Bídeach (Futa Fata, 2018) le haghaidh ceithre ghradam mhóra, ina measc; Leabhar Pháistí Éireann: Leabhar na Bliana agus Gradam Réics Carló. Bhain Geansaí Ottó (Futa Fata, 2020) Gradam Cumann Litearthachta na hÉireann: Leabhar na Bliana (Catagóir 0-5) sa bhliain 2021.

Is ball í de Children’s Books Ireland, Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Writers in Schools agus tá sí ar bhord stiúrtha Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge. Múineann Sadhbh cúrsa ‘Conas Pictiúrleabhair a Scríobh’ trí Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus is meantóir í ar an Scéim Meántóireachta trí Chlár na Leabhar Gaeilge.

Scríobhann Sadhbh aistí agus splanc-fhicsean do dhaoine fásta chomh maith agus oibríonn sí mar eagarthóir Gaeilge ar splonk.ie – iris dhátheangach, ar-líne a fhoilsíonn splanc-fhicsean. Scríobhann sí léirmheasanna ar leabhair don aos óg do Inis Magazine agus éascaíonn sí ceardlanna éagsúla a bhaineann leis an litríocht i scoileanna, leabharlanna agus ag féilte timpeall na tíre.

Bhí sí ina Scríbhneoir Cónaithe le leabharlanna Dhún Laoghaire/Rath an Dúin sa bhliain 2019/2020 agus chaith sí bliain ina Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge le DCU sa bhliain 2022.

Sadhbh Devlin was born in Bray, Co. Wicklow in 1978. She graduated from Trinity College Dublin in 2000 with a BA Hons in Drama and Modern Irish. She worked for many years with ‘Comhluadar Teo.’ – an organisation that supported families raising children through Irish.

She has had four picturebooks published by Futa Fata since 2017. Her second book, Beag Bídeach (Futa Fata, 2018) was nominated for four prestigious awards, including the Children’s Books Ireland: Book of the Year Award and Gradam Réics Carló. Geansaí Ottó (Futa Fata, 2020) won the Literacy Association of Ireland Book of the Year (Category 0-5) Award in 2021.

She is a member of Children’s Books Ireland, the Irish Writers Centre, Writers in Schools and is a board member of Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge. Sadhbh teaches the ‘Conas Pictiúirleabhair a Scríobh’ course through the Irish Writers Centre and is a mentor on An Scéim Meántóireachta through Clár na Leabhar Gaeilge.

Sadhbh also writes essays and flash-fiction for adults and is the Irish-language editor of splonk.ie – the bilingual online magazine for Flash Fiction. She writes reviews of books for young people for Inis Magazine and facilitates various literature-inspired workshops in schools, libraries and at festivals nationwide.

Sadhbh was the Dun Laoghaire/Rathdown Libraries Writer in Residence in 2019/2020 and the DCU Irish-language Writer in Residence in 2022.

Naisc: Suíomh an scríbhneora »

Scaip an phortráid seo:

“Ráááárrrr!” a scread Rua. “Is mise an tArracht Uafásach. Agus is liomsa an choill seo! Ba cheart daoibhse bheith sa bhaile… ar an tolg… ag… ag ól seacláid the!”

Ach níor rith Mamaí.

“Rááárrrr!” a bhéic sé arís.

Ach, ní dhearna Mamaí ach útamáil lena hata.

“Bhuel, a Arracht Uafásach!” a dúirt sí. “Is mise Ninja na Coille agus níl eagla ar bith ormsa romhat! Is breá liom a bheith amuigh faoin spéir agus ní chuirfidh tú an ruaig orm choíche!”

“Haigh dhea” arsa Lilí.

Rinne Rua gáire. “Ní bhéarfaidh tusa ormsa choíche, a Ninja!” ar sé agus thosaigh sé ag rith.

Rith siad thar raithneach, faoi ghéaga agus trí locháin…

Rith siad agus rith siad go dtí go raibh dearmad ar fad déanta acu ar ninjaí agus ar arrachtaí uafásacha.

Rith siad go dtí go raibh siad fliuch, salach agus go hiomlán traochta.

Shuigh an triúir acu le chéile ar bharr chnoic. D’éist siad leis na héin ag canadh.

Bhlais siad de na braoiníní báistí. Chuaigh Lilí ag spraoi leis na feithidí beaga.

Bhreathnaigh siad ar an domhan mór álainn amuigh faoin spéir.

Sliocht as Amuigh Faoin Spéir (Futa Fata, 2022), maisithe ag Brian Fitzgerald.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00