Rónán Ó Snodaigh

Rónán Ó Snodaigh

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 13 Samhain 2011

Suíomh: An Mhuiríoch, An Daingean

Ceoltóir, file, agus príomhamhránaí leis an ngrúpa Kíla é Rónán Ó Snodaigh as Baile Átha Cliath (rugadh i 1970 é). Duine de sheisear clainne le Pádraig Ó Snodaigh agus Clíodna Cussen, bhí Rónán tumtha sa chultúr agus sna healaíona óna óige. Thosaigh sé ag scríobh filíochta sna déaga agus á díol ar shráideanna Bhaile Átha Cliatha agus é ag buscáil le ceoltóirí eile na linne sin. Bhunaigh sé féin agus a dheartháireacha an banna ceoil Kíla ag an am sin. Tá Kíla anois ar an bhfód le cúig bliana is fiche agus tóir orthu ar fud an domhain as an gcaoi a meascann siad an ceol traidisiúnta le ceol rac agus ceol domhanda. Chomh maith le naoi n-albam ceoil, chum an banna an fhuaimrian don scannán The Secret of Kells. Seinneann Rónán ar bhonn aonair chomh maith, agus an-cháil ar a chuid bodhránaíochta. Is tionchar le háireamh saothar Rónáin ar mheon daoine i leith na Gaeilge agus i leith ceol traidisiúnta. Tá cáil ar a chuid fuinnimh agus spraoi ar an stáitse, agus as an mbeocht agus grá don saol ina chuid liricí.

Born in Dublin in 1970, Rónán Ó Snodaigh is one of six brothers brought up in an Irish-speaking home. His mother is an artist and writer and his father a writer and publisher in the Irish language, Rónán was immersed in an atmosphere of culture and creativity from his early days. He started writing poetry in his teens, selling his work on the streets of Dublin’s city centre where he also started his musical career, busking with a collective of young musicians. The band Kíla started to take form from this busking fraternity with Rónán on bodhrán and vocals. They quickly earned wider recognition for their unique blend of traditional Irish and rock, and an ability to absorb just about any other musical culture into their writing pot. Rónán’s contribution to the Irish language, bodhrán playing and Dublin’s music scene is being realized and he will go down in history for his boundless energy on and off stage. In his own words, he has loved every minute and his main ambition in music continues to be to enjoy and have fun with it at every opportunity. 

Dáta breithe: 1970

Áit bhreithe: Baile Átha Cliath

Naisc: Suíomh an scríbhneora »

Scaip an phortráid seo:
Bí ann, bí liom
Bí gasta, bí cróga
Bí cliste, bí cinnte
Bí casta, bí glic
Bí grámhar, gealgáireach
Bí socair laistigh
Bí doimhin ach bí éadrom
Gan teannas ar bith
I do chorp, i do chroí
I do cheann, ins a tslí
Ina chuireann tú tú fhéin i láthair
I pé chomhluadar ina bhfuil tú
Bí ann liom
Bí láidir il-dána
Nuair a chasann an domhan
Bí ann dom
Agus buailfimid le chéile
Nuair a thagann an t-am.

Rónán Ó Snodaigh, Bí Ann, liricí ón albam Tóg É Go Bog É (Kíla, 1997)