Róise Ní Bhaoill

Róise Ní Bhaoill

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 23 Deireadh Fómhair 2012

Suíomh: An Chultúrlann, Béal Feirste

Is as Rann na Feirste, i dTír Chonaill, Róise Ní Bhaoill. Is údar í ar shraith scéalta do dhaoine fásta a foilsíodh san iris idirlín BEO! as ar eascair an leabhar Taisce Focal, scéaltaí beaga do dhaoine móra (Iontaobhas Ultach, 2007). Bhí sí ina comheagarthóir ar Gaelic-medium education provision: Northern Ireland, the Republic of Ireland, Scotland and the Isle of Man (Iontaobhas Ultach, 2003) agus Bás in Éirinn May You Die in Ireland (Iontaobhas Ultach, 2011). Bhí sí ina heagarthóir ar an iris Arts Research Digest le linn a tréimhse i Sasana. Thrascríobh, d’aistrigh agus chuir sí eagar ar an ábhar béaloidis Ultach a bhailigh Wilhelm Doegen sna 1930idí. Foilsíodh an leabhar, Ulster Gaelic Voices, Bailiúchán Doegen 1931 (Iontaobhas Ultach, 2010) mar thoradh ar an obair seo. Le linn a saoil oibre le hIontaobhas ULTACH, chruthaigh sí réimse foilseachán don phobal faoi logainmneacha, bhéaloideas agus stair na Gaeilge. Tá cur i láthair déanta agus altanna scríofa aici ar chás na Gaeilge ina contae féin. Cuireadh filíocht dá cuid i gcló in Krino agus tá leabhar rannta Gaeilge do pháistí óga agus bailiúchán gearrscéalta idir lámha aici.

Róise Ní Bhaoill is from Ranafast in the Donegal Gaeltacht. She is the author of a series of stories for adult learners of Irish published initially by the internet publication BEO!, and (with Gordon McCoy) of the book Taisce Focal, Little stories for big people (Iontaobhas Ultach, 2007) which resulted from that series. She co-edited Gaelic-medium education provision: Northern Ireland, the Republic of Ireland, Scotland and the Isle of Man (Iontaobhas Ultach, 2003) and Bás in Éirinn May You Die in Ireland (Iontaobhas Ultach, 2011). She was editor of the quarterly Arts Research Digest during her time in England. She transcribed, translated and edited the Ulster folklore material collected by Wilhelm Doegen in the 1930s, which is the material of Ulster Gaelic Voices, Bailiúchan Doegen 1931 (Iontaobhas Ultach, 2010). During her career with ULTACH Trust, she produced a range of material for the public on topics including placenames, folklore and the history of the Irish language. She has written and lectured on the subject of Irish in her own native county. She has published poetry in Krino and is currently working on a collection of rhymes in Irish for young children and on a short-story collection.

Áit bhreithe: Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall

Scaip an phortráid seo:

Ba iad na fir a d’inis na scéalta a ba mhó a raibh gradam ag baint leo. Scéalta casta, gaisce ar nós scéalta Fiannaíochta nó Rúraíochta fá Fhionn Mac Cumhaill nó Chúchulainn iad den chuid is mó, agus ba ag na seanchaithe ab fhearr a d’fhágtaí an cineál sin scéil de ghnáth. Ba ag na mná is mó a bhíodh na síscéalta, na hamhráin, na horthaí, agus na paidreacha. Bhí na scéalta gaisce ar eolas ag cuid de na mná ach is annamh a dhéanfadh siad aithris orthu, nó níor ghlac an pobal le 'scéalta fear' a bheith á n-inse ag mná. Go hiondúil, bhíodh mná eile anuas orthu siocair go mbíodh siad ag déanamh 'tomboys’ daofa féin dá n-inseodh siad an cineál sin scéil. Ach sin ráite, cé nár ghnách go mbíodh baint ag mná leis an chineál sin scéalaíochta, de réir thaithí Uí Dhuilearga, níor chuir sin bac orthu fear ar bith nach raibh scéal leis i gceart a cheartú.

Róise Ní Bhaoill, sliocht as Ulster Gaelic Voices, Bailiúchan Doegen 1931, lch 64 (Iontaobhas ULTACH, 2010)