Ríonach uí Ógáin

Ríonach uí Ógáin

Grianghrafadóir: Lára Ní Mhaoláin

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 17 Lúnasa 2021

Suíomh: An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Is Iar-Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath í Ríonach uí Ógáin. Tá cuid mhór foilsithe aici i nGaeilge agus i mBéarla faoi amhráin agus cheol traidisiúnta agus faoi ghnéithe eile den traidisiún béil. Foilsíodh a saothar faoi Dhónall Ó Conaill An Rí gan Choróin (An Clóchomhar, 1984) i mBéarla faoin teideal Immortal Dan: Daniel O'Connell in Irish Folk Tradition (Geography Publications, 1995). D’fhoilsigh sí dlúthdhioscaí agus leabhráin in éineacht leo ar a bhfuil Beauty an Oileáin: Music and Song of the Blasket Islands, Ireland/Irlande: Musiques Traditionnelles d’Aujourd’hui: Traditional Musics of Today agus Sorcha Ní Ghuairim: Traditional Songs from Conamara. Bhí sí ina heagarthóir ar Béaloideas: Iris an Chumainn le Béaloideas Éireann ó 2009 go dtí 2018. Áirítear ar a cuid foilseachán The Otherworld: Music and Song from Irish Tradition (Comhairle Bhéaloideas Éireann, 2012) in éineacht le Tom Sherlock. Ar a cuid foilseachán ar an amhránaíocht thraidisiúnta i nGaeilge tá Clár Amhrán Bhaile na hInse (An Clóchomhar, 1976) agus Faoi Rothaí na Gréine: Amhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain (Coiscéim, 1999). D’fhoilsigh sí ‘Mise an Fear Ceoil’ Séamus Ennis - Dialann Taistil 1942-1946 (Cló Iar-Chonnachta, 2007), a foilsíodh i mBéarla faoin teideal Going to the Well for Water: The Field Diaries of Séamus Ennis (Cork University Press, 2009) maille leis an leabhar agus an dlúthdhiosca Colm Ó Caodháin: An Irish Singer and His World (Cork University Press, 2021). Foilsíodh féilscríbhinn in ómós di dar teideal Life, Lore and Song: Binneas an tSiansa (Four Courts Press, 2019). Bhí sí ar bhunaitheoirí Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann, The National Folklore Foundation http://www.nationalfolklorefoundation.com/. Le linn a tréimhse mar Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann chuir sí tús le digitiú an Chnuasaigh atá anois ar fáil ag www.duchas.ie agus leagann sí béim i gcónaí ar a thábhachtaí is atá se ábhar cartlainne a chur ar fáil don phobal ar fad.

Ríonach uí Ógáin is a former Director of the National Folklore Collection, UCD. She has published widely in Irish and in English on traditional music and song and on other aspects of oral tradition. Her study of Daniel O’Connell was published in Irish An Rí gan Choróin (An Clóchomhar, 1984) and in English Immortal Dan: Daniel O'Connell in Irish Folk Tradition (Geography Publications, 1995). She has also published a number of compact discs with accompanying booklets. These include Beauty an Oileáin: Music and Song of the Blasket Islands, Ireland/Irlande: Musiques Traditionnelles d’Aujourd’hui: Traditional Musics of Today and Sorcha Ní Ghuairim: Traditional Songs from Conamara . She was editor of Béaloideas: The Journal of the Folklore of Ireland Society from 2009 – 2018. Her publications include The Otherworld: Music and Song from Irish Tradition (Comhairle Bhéaloideas Éireann, 2012) with Tom Sherlock . Her work on traditional song in Irish includes Clár Amhrán Bhaile na hInse (An Clóchomhar, 1976) and Faoi Rothaí na Gréine: Amhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain (Coiscéim, 1999). She edited the field diary of Séamus Ennis ‘Mise an Fear Ceoil’ Séamus Ennis - Dialann Taistil 1942-1946 (Cló Iar-Chonnachta, 2007), which appeared in translation entitled Going to the Well for Water: The Field Diaries of Séamus Ennis (Cork University Press, 2009) and the book and compact disc Colm Ó Caodháin: An Irish Singer and His World (Cork University Press, 2021)​​​​​​​. A Festschrift in her honour entitled Life, Lore and Song: Binneas an tSiansa was published in 2019 by Four Courts Press. She is a founding member of Fondúireacht Bhéaloideas Éireann, The National Folklore Foundation http://www.nationalfolklorefoundation.com/. During her time as Director of the National Folklore Collection she instigated the digitisation of the Collection now available at www.duchas.ie and she continues to demonstrate the importance of making archival material accessible to a larger audience.

Dáta breithe: 23 Meán Fómhair 1950

Scaip an phortráid seo:

I ndialann taistil nó dialann pháirce Shéamuis Mhic Aonghusa 1942-1946, léirítear an saol faoi mar a bhí ag fear óg tréitheach, díograiseach agus é i mbun amhráin agus ceol dúchasach a bhailiú. Tá sé i gceist go gcothódh foilsiú na dialainne tuiscint ar shaol an bhailitheora go ginearálta agus ar shaol Shéamuis Mhic Aonghusa go sonrach. Tá feidhmeanna eile le foilsiú an tsaothair seo chomh maith. Ar an gcéad dul síos, beidh an dialann ar fáil go forleathan. Ar an gcaoi seo, cuideoidh sí na blianta seo dá shaol a chur i gcomhthéacs beathaisnéisiúil.

Tugann an dialann an léitheoir isteach i saol an bhailitheora agus cuireann sí na daoine a casadh air agus ar bhailigh sé ceol, amhráin agus seanchas uathu in aithne don lucht léite. Ba dhlúth agus inneach an ceol agus an t-amhrán de ghnáthshaol na ndaoine seo, tréimhse a raibh an ceol Gaelach ag teacht os comhair an phobail go han-chiúin, taobh amuigh dá thimpeallacht dhúchasach. Den chuid is mó, ní raibh bailiú, taifeadadh, craoladh, cartlannaíocht, grianghrafadóireacht ná scannánú an cheoil imithe i bhfeidhm ar shaol na ndaoine a raibh Mac Aonghusa ag bailiú uathu go dtí go dtáinig sé a fhad leo. Chuir na hamhránaithe agus na ceoltóirí fáilte roimh Mhac Aonghusa ina measc. Lig siad dó scéal a mbeatha, seanchas a gcuid ceoil agus an ceol féin a thabhairt leis, agus anuas air sin lig siad dó a bheith páirteach i ngach uile ghné dá saol.

‘Mise an fear ceoil': Séamus Ennis – Dialann Taistil 1942-1946, Séamas Mac Aonghusa, curtha in eagar ag Ríonach uí Ógáin (Cló Iar-Chonnachta, 2007), lgh 19-20.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00