Réamonn Ó Muirí

Réamonn Ó Muirí

Grianghrafadóir: Caoimhín Ó Peatáin

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 21 Meán Fómhair 2022

Suíomh: Leabharlann Uí Fhiaich, Ard Mhaca

Rugadh Réamonn Ó Muirí sa Bhaile Úr, i gContae Ard Mhacha. Ar a dhul le sagartacht i Má Nuad dó, bhí sé mar mhac léinn ag Tomás Ó Fiaich agus tháinig go mór faoina anáil agus faoina thionchar. Oirníodh ina shagart é in 1962. Staraí aitheanta é, agus bhí sé ina eagarthóir, mar chomharba ar Ó Fiaich, ar an iris léannta staire Seanchas Ard Mhacha idir 1986 agus 2013, agus is iomaí alt a scríobh sé don iris chomh maith, faoi oidhreacht lámhscríbhinní Chúige Uladh háirithe. Is faoi choimirce Chumann Seanchais Ard Mhacha a d’fhoilsigh sé an cnuasach aistí staire Irish Church History Today (1990) agus a iniúchadh stairiúil ar The Burning of Wildgoose Lodge (2005). Mórshaothar staire eile óna pheann is ea Lámhscríbhinn Staire an Bhionadaigh (Éigse Oirialla, 1994), ar eagrán scolártha é den saothar staire a chuir Art Mac Bionaid (1793-1879) i dtoll a chéile faoin teideal Comhrac na nGael agus na nGall le chéile. Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach aige as an obair atá déanta aige ar son chearta an duine a chur chun cinn in Éirinn agus tá saothair thábhachtacha chonspóideacha curtha i gcrích aige sa réimse sin, mar atá The SAS in Ireland (Cork Mercier Press, 1990) agus State Violence: Northern Ireland 1969-1997 (Mercier Press, 1998), chomh maith le breis agus céad paimfléad, bileog agus aiste a d’fhoilsigh sé ar an gceist sin in éineacht leis an Athair Donncha Mac Phóil (1932-2006). Tá trí chnuasach filíochta foilsithe ag Ó Muirí (Athphreabadh na hÓige (An Clóchomhar, 1964); Arán ar an Tábla (An Clóchomhar, 1970); Lampaí Dearga (Coiscéim, 2005), a ghnóthaigh Duais an Oireachtais.)

Réamonn Ó Muirí, a native of Newtownhamilton in Co. Armagh, was influenced by the teaching of fellow countyman Tomás Ó Fiaich (later Cardinal) during his studies for the priesthood in Maynooth. After his ordination in 1962, he became active in Cumann Seanchais Ard Mhacha/The Armagh Diocesan Historical Society and edited its journal, Seanchas Ard Mhacha, from 1986 to 2013 while contributing multiple articles on church history and the manuscript tradition of south-east Ulster in particular. Under the auspices of the Society, he published many historical works in book form, such as Irish Church History Today (1990) and The Burning of Wildgoose Lodge (2005). His scholarly edition of Art Mac Bionaid’s (1793-1879) history Comhrac na nGael agus na nGall le chéile appeared as Lámhscríbhinn Staire an Bhionadaigh (Éigse Oirialla, 1994). He has gained international recognition for this work in the protection of human rights in Ireland, and has written pioneering, controversial studies such as The SAS in Ireland (Cork Mercier Press, 1990) and State Violence: Northern Ireland 1969-1997 (Mercier Press, 1998), in addition to over a hundred pamhplets, leaflets and broadsheets on the subject in partnership with Father Denis Faul (1932-2006). Ó Muirí has published three collections of poetry (Athphreabadh na hÓige (An Clóchomhar, 1964); Arán ar an Tábla (An Clóchomhar, 1970); Lampaí Dearga (Coiscéim, 2005), which won the Oireachtas Prize).

Scaip an phortráid seo:

Póg do Thírghráthóir

Rinneadh go sollúnta tostach é;
na hiníonacha máithriúla cuanna gléasta in éadaí dubha
-mná uaisle feaghránta-
ag scuabáil a gcos le teacht in aire taobh le cónra a máthar;
bomaite faire
iad go tobann trína chéile
ag ardú an chónra dóibh aníos ar a nguaileacha,
eagla ortha go dtitfeadh an t-ualach muirneach uatha;
chonaic mé ansin thú, a Chlára, ag pógadh an adhmaid shaillte,
póg mhilis an ghrá, póg ghoimhiúil na fírinne agus na córa,
póg an tsuaimhnis.

Comhar, Meitheamh 1997.