Ré Ó Laighléis

Ré Ó Laighléis

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 10 Lúnasa 2010

Suíomh: Co. an Chláir

Rugadh Ré Ó Laighléis i 1953 agus tógadh é i Sail an Chnocáin, Co. Átha Cliath. Bhain sé céim sa Ghaeilge agus sa tSocheolaíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (1978) agus iarchéimeanna san Oideachas i gColáiste Phádraig (1980) agus i mBoston College (1983). I 1992, thug an Laighléiseach faoin scríbhneoireacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ar bhonn lánaimseartha. Scríobhann sé do léitheoirí ar an uile aoisleibhéal agus tá cuid dá shaothair aistrithe go teangacha eile. Tá raidhse duaiseanna agus gradam náisiúnta agus idirnáisiúnta bronnta air dá scríbhneoireacht ar gach aoisleibhéal, idir dhuaiseanna Oireachtais, Bisto, White Ravens srl. I 1998, bhronn Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, an gradam ‘An Peann faoi Bhláth’ air. Sa bhliain 2014, bhí sé ar dhuine de na scríbhneoirí a ainmníodh don phost ‘Laureate for Irish Fiction 2015-2018’. Tugann an Laighléiseach cúrsaí traenála do scríbhneoirí anseo in Éirinn, sa Bhreatain agus i Meiriceá Thuaidh. In 2010, mar chuid de pholasaí MhÓINÍN chun scileanna scríbhneoireachta na Gaeilge agus an Bhéarla a fhorbairt, tógadh An Scríobhlann — ionad saincheaptha, a bhfuil Ré Ó Laighléis ina stiúrthóir air — agus tá éileamh mór náisiúnta agus idirnáisiúnta ar chúrsaí ann ó shin.

Ré Ó Laighléis was born in 1953 and reared in Sallynoggin, Co. Dublin. He holds a primary degree in Sociology and Irish (National University of Ireland, Galway 1978) and postgraduate degrees in Education from Coláiste Phádraig (1980) and Boston College (1983). He is a registered Specialist Reading Consultant with the Massachusetts State Board of Education (1983). In 1992, he left teaching to pursue a career as a full-time writer in English and Irish. Ó Laighléis writes for child, teenage and adult readerships, and many of his works have been translated. He is the recipient of myriad literary prizes and awards, both nationally and internationally, and several of his works are read at all curricular levels. In 1998, in recognition of his contribution to the corpus of Irish literature, Uachtarán na hÉireann, President Mary McAleese presented him with the ‘An Peann faoi Bhláth’ award. In 2014, Ó Laighléis was among the writers nominated for appointment as inaugural ‘Laureate for Irish Fiction 2015-2018’. His work Out of the Cul-de-sac Memoir of a Noggin Childhood will be published in late 2016. Ré Ó Laighléis is currently Director of An Scríobhlann, the purpose-built MÓINÍN training centre for aspiring writers in Irish and English.

Dáta breithe: 1953

Áit bhreithe: An Naigín, Co. Bhaile Átha Cliath

Scaip an phortráid seo:

An bhliain 200 Roimh Chríost. An t-aigéan ina rabharta. Aigéan nár ainmníodh fós. Leis na laethanta anuas, tá sé á thiontú féin – ionathair dhorcha a bhoilg á gcíoradh agus á dtarraingt aníos le go mbéarfaí orthu faoi ghile na gréine. Beag é faoiseamh na farraige nuair is mar seo a bhíonn, óir is beag atá thoir mar bhac uirthi agus is lú fós atá thiar. Téann an fharraige seo i bhfad, cé nach eol di dílseacht d’áit ar bith. Is í a dhéanann am a bhualadh nuair nach eol di an t-am a bheith ann go fiú.

Caitear bád, nó rafta de chineál, aníos ar dhroim toinne. Tá cúigear nó seisear – sea seisear – agus greim an fhir bháite ar chrann an árthaigh ag gach aon duine díobh, iad lasctha ag an tsíon. Iad á ngéilleadh féin do thoil thrócaireach Mhanannáin – dá thoil mhíthrócaireach, b’fhéidir. Manannán! Dia mór na Farraige! Déanfar a thoil.

Ré Ó Laighléis, An Ghabháil, sliocht as an úrscéal, Sceoin sa Bhoireann, lch. 1 (MÓINÍN, 2005)