Ray Mac Mánais

Ray Mac Mánais

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 5 Aibreán 2011

Suíomh: An Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath

I bparóiste Ard Eoin i mBéal Feirste a rugadh Ray Mac Mánais. Cé go bhfuil sé ina chónaí i gContae na Mí le fada an lá, tá a shaol oibre go dtí seo caite aige i mBaile Átha Cliath, áit a raibh sé ina phríomhoide ar Ghaelscoil Míde i gCill Bharróg sula ndeachaigh sé le léachtóireacht i Roinn na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino. Bíonn sé ag léachtóireacht fosta ar an chúrsa MA sa Ghaeilge Fheidhmeach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Tá dhá bheathaisnéis dá chuid curtha i gcló, chomh maith le drámaí agus agallaimh bheirte do dhaoine óga. Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh Máire Mhic Ghiolla Íosa: Beathaisnéis. An Gúm a d’fhoilsigh bailiúcháin éagsúla d’agallaimh bheirte don tsraith Séideán Sí, atá in úsáid i ngaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta. Is iomaí agallamh beirte agus lúibín do dhaoine fásta atá scríofa aige fosta, chomh maith le hamhráin agus ceoldrámaí, trí cinn acu siúd do Thaibhdhearc na Gaillimhe. Ag ócáid chomórtha céad bliain an Oireachtais, bronnadh gradam saoil air as a shaothar i gcaomhnú agus i bhforbairt na n-ealaíon béil traidisiúnta.

Ray Mac Mánais was born in Ardoyne, in North Belfast, and lives in County Meath. His working life has been spent in Dublin, where he was for many years Principal of Gaelscoil Míde, in the north of the city, before taking a lecturing position with the Irish Department in the Marino Institute of Education. He also lectures on the MA course in Applied Irish in Dublin Institute of Technology. His published work includes biographies and agallaimh bheirte (spoken poetic dialogues) for children. Cló Iar-Chonnacht published his first biography, Máire Mhic Ghiolla Íosa: Beathaisnéis (Cló Iar-Chonnacht, 2003), the authorised biography of Mary McAleese. An Gúm, the Government Publication Office, has published several of his agallaimh bheirte for children in their series of books for use in gaelscoileanna and Gaeltacht schools, Séideán Sí. He has written many agallaimh bheirte, songs and lúibíní (sung dialogues) for adults and has written musical dramas for the Taibhdhearc Theatre in Galway. At the centenary celebrations of Oireachtas na Gaeilge, Ray was the proud recipient of a lifetime award to mark his contribution to the preservation and development of our traditional oral art forms.

Dáta breithe: 22 Samhain 1949

Áit bhreithe: Béal Feirste, Co. Aontroma

Scaip an phortráid seo:
Pádraig agus Bríd sna Flaithis

Naomh Bríd: Tá fáilte romhat, a Phádraig,
A Phátrúin Inis Fáil,
A laoch thar laochra Éireann,
A Naoimh faoi chlú ’s faoi cháil.

Is fada muid ag fanacht
Insa chlochar seo faoi bhuairt
Le bomaite a bheith agat
A theacht anseo ar cuairt.

Naomh Pádraig: A Bhríd, a Naoimh, a chara mo chroí
Ní fhanfaidh mé i bhfad;
Tá mé ag gabháil chuig cluiche peile
Le mo chairde móra ar fad:

Naomh Colm is Naomh Oilibhéar
Is Lorcán Naofa Ó Tuathail,
Cúchulainn agus Feardia
Agus Oisín is Fionn Mac Cumhaill.

Naomh Bríd: Gura fada uainn mar pheaca é
Tú a choinneáil ó do spórt:
Peil is galf is sacar fiú
Is cártaí is chuile shórt.

Is ní hiad sin is measa
De do nósanna nach binn.
Tá rásaí capall ann chomh maith
Agus ól… is stuif mar sin.

Naomh Pádraig: D’iarr tú orm teacht anseo
Chun cúrsaí eile a phlé.
Is cuma duit mo nósanna
Nó má théim rud beag ar strae.

Naomh Bríd: Cúis imní dom na hÉireannaigh,
Mo phobal dílis breá,
Go mbíonn siad faoi do thionchar
Is faoi chathú achan lá.

Ray Mac Mánais, Cogar mé seo leat arís! lch 6-9 (An Gúm, 2008)

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00