Proinsias Mac a' Bhaird

Proinsias Mac a' Bhaird

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 15 Márta 2011

Suíomh: Leitir Ceanainn, Tír Chonaill

Seánraí: File, Úrscéalaí

Is as Árainn Mhór Thír Chonaill do Phroinsias. Bhain a chéad leabhar Cogar san Fharraige (Coiscéim, 2002) le béaloideas Árainn Mhór. Tá trí chnuasach filíochta scríofa aige, dhá úrscéal, An Tairiscint (Coiscéim, 2005) agus Rún an Bhonnáin (LeabhairCOMHAR, 2010), agus leabhair do dhaoine óga. Tá gearrscéalta, drámaí agus amhráin scríofa aige fosta. Is iomaí duais atá bainte aige as a chuid scríbhneoireachta. Léann sé go rialta ag féilte litríochta agus ealaíne agus scríobhann sé ó am go céile in irisí liteartha agus sna meáin eile. An fharraige, saol an oileáin, ceol, béaloideas agus an stair is mó a mhúsclaíonn a dhúil. 

From Árainn Mhór in Donegal, Proinsias has published 10 books of prose and poetry. His first book, Cogar san Fharraige (Coiscéim, 2002), about the folklore of Árainn Mhór. His most recent poetry collection is Bealach na Mine Buí (Coiscéim, 2015). He has written two other poetry collections as well as novels, children’s books, short stories, plays and songs. Proinsias has won numerous prizes for his creative writing. He reads regularly at literary festivals and occasionally writes for journals and other media. His abiding interests include the sea, island life, music, folklore and history. 

Áit bhreithe: Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall

Scaip an phortráid seo:

Bróga


Siúd ag an ché
a chruinnigh cuid bróg an oileáin.

Seanbhuataisí anuas ón Phlochóg
Trainers ón Screig anoir,
Crocks a shiúl ón Uillinn
is bróga úrsnasta na dTuarthaí.
Bhog siad ar a gcompord
i gcuideachta a chéile
ag cur comhrá
agus béadán thart,
ag roinnt scéalta faoin aimsir,
faoin scaineagán,
faoi bhachtaí an Chaoráin Scallta.

Bhí tuigbheáil acu ar an dusta
agus ar chlábar an bhealaigh mhóir,
ba mhinic iad in abar
a gcraiceann leathair cloch-scríobtha.
Ní raibh a dhath idir iad
agus garbhadas an bhealaigh
is gan aon fhaitíos orthu
an bealach féin a lochtú.

Níorbh amhlaidh do na cloigne
nach raibh ar a n-aird
ach bád ar na toinn
ag téaltú isteach Béal Áranna.
Ní raibh as a mbéal
ach osnaí ciúine
agus cónair an fhir óig
ag teacht i dtír.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00