Póilín Ní Chiaráin

Póilín Ní Chiaráin

Grianghrafadóir: Seán Ó Mainnín

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 1 Meán Fómhair 2018

Suíomh: Baile Átha Cliath, cois Life

Seánraí: Colúnaí, Iriseoir

Rugadh Póilín Ní Chiarain i nDumha Locha in Iorras i gContae Mhaigh Eo. Chuaigh sí ar an meánscoil i gColáiste Muire, Tuar Mhic Éadaigh agus ar an ollscoil i nGaillimh. Chaith sí tréimhse fhada ag obair in RTÉ, Baile Átha Cliath mar thaighdeoir agus mar thuairisceoir ar an gclár Féach agus ina dhiaidh sin le Nuacht. Chuaigh sí go Béal Feirste do RTÉ News i 1981: tá sí gafa ó shin le tuairisceoireacht agus anailís ar chúrsaí reatha Thuaisceart Éireann. Tar éis tréimhse mar cheannasaí nuachta leis an BBC i nDoire, d’iompaigh sí ar scríbhneoireacht i nGaeilge i 1996. Mar cholúnaí don nuachtán Foinse ó bunaíodh é go dtí gur cuireadh deireadh leis i 2009 bhuaigh sí gradam Oireachtais agus bhronn an tUachtarán ‘An Peann faoi Bhláth’ uirthi i 1998. Colúnaí ócáideach i The Irish Times agus i Comhar í agus rannpháirtí go rialta i gcláracha raidió agus teilifíse ar BBC, RTÉ agus TG4. Rinne sí tráchtaireacht ar chláracha faisnéise TG4 faoi bhusanna agus faoi thraenacha agus rinne sí an leagan Gaeilge de scripteanna do na scannáin ‘Ar Intinn Eile’ agus Congo 1961. Is comhfhreagraí RTÉ Raidió na Gaeltachta sa tuaisceart í agus colúnaí na seirbhíse Tuairisc.ie.

Póilín Ní Chiaráin is a Mayo woman who has spent most of her adult life in Northern Ireland. Born in Dumha Locha in Erris, a place still very dear to her, she got her secondary education in south Mayo, in Coláiste Muire, Tuar Mhic Éadaigh. After University College, Galway (BA, H. Dip. Ed.), she went to work in Telefís Éireann (now RTÉ) in Dublin as a researcher. Later she was a reporter on Féach and subsequently on Nuacht. From there she moved to Belfast as a news reporter. Since 1981 she has covered for several outlets such seminal events as the H Block Hunger Strikes, the Enniskillen bombing and the Good Friday Agreement. After a period as Head of News and Sport in BBC Foyle she turned for the first time to writing for print, as Gaeilge. As a regular columnist for Foinse she won Oireachtas awards twice and was presented with the ‘An Peann faoi Bhláth’ honour in 1998. She has been an occasional columnist in The Irish Times and in Comhar, has translated film scripts to Irish, is a regular columnist for the online service Tuairisc.ie and is RTÉ Raidió na Gaeltachta’s specialist on Northern Ireland affairs.

Áit bhreithe: Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo

Scaip an phortráid seo:

‘Fágfaidh mé anseo tú,’ arsan fear tacsaí, ‘mar nílimse ag dul isteach sa cheantar sin, níl sé sábháilte.’ Trathnóna salach dorcha a bhí ann. Bhíomar ar chuarbhóthar in iarthar Bhéal Feirste; bhí an solas briste ar an gcosán cúng idir na tithe in aice láimhe. Ar Lóiste na Mónadh a bhí mo thriall, eastat tithíochta ag bun an tSléibhe Dhuibh, áit chorrach ina mbíodh achrann go minic le linn na dTrioblóidí. Ní raibh eolas an bhealaigh agam. Strainséir abea mé, tuairisceoir tagtha ó Bhaile Átha Cliath sa tóir ar ábhar do chlár teilifíse.
......

Drochthús abea an eachtra leis an bhfear tacsaí ach chuaigh Tuaisceart Éireann i ngreim orm an tseachtain sin. Páirceanna catha abea áiteanna ar nós Lóiste na Mónadh agus na geiteonna ar dhá thaobh na deighilte. Chuala mé a scéal ó bhean chroíbhriste ar maraíodh a mac, trí bliana déag d’aois, le piléar plaisteach. Casadh baintreacha ón dá thaobh orm, a saol millte. Bhí bochtanas agus dífhostaíocht forleathan. Bhí tionchar na coimhlinte le braithstint gach áit, ar gach aicme agus ar pháistí go háirithe. Bhí idir fhuath agus maithiúnas mar cheol cúlra. Agus fós, bhí misneach ar taispeáint d’ainneoin an uafáis.

As ‘Tuairiscí ó Láthair na Cogaíochta’, in Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán, eag. Breandan Delap (Cois Life, 2014), lth 31.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00