Pearse Hutchinson

Pearse Hutchinson

Grianghrafadóir: Bill Doyle

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Seánraí: File, Aistritheoir

Blianta caite ag obair mar aistritheoir go hidirnáisiúnta aige. Cuid dá shaothair is ea: Faoistin bhacach (1968); Antica lirica Irlandese (1981) (le Melita Cataldi); Le Cead na Gréine (1989); The Soul That Kissed the Body (1990); Done into English: collected translations (2003). Ina Chomhalta Gregory san fhilíocht in Ollscoil Leeds, 1971–73. Sa bhliain 1975 chomhbhunaigh sé an iris Cyphers. Láithrigh agus léirigh sé an clár raidió ‘Óró Domhnaigh’ ó 1977–88.

Pearse Hutchinson spent many years working as a translator internationally. His works include Tongues Without Hands (1963); Expansions (1969); Friend Songs (1970); Watching the Morning Grow (1972); The Frost is All Over (1975); Climbing the Light (1985); The Soul That Kissed the Body (1990); Barnsley Main Seam (1995); Done into English: collected translations (2003); At Least for a While (2008). Patrick Crotty chose one of Hutchinson’s poems in English for inclusion in The Penguin Book of Irish Poetry (2010). He was Gregory Fellow of Poetry in the University of Leeds, 1971–73, and in 1975 co-founded the journal Cyphers

Dáta breithe: 16 Feabhra 1927

Áit bhreithe: Glaschú, Albain

Naisc: Beatha ar Ainm.ie »

Scaip an phortráid seo:

Ó Riada

Thug tú féin an samhradh leat
Ag dul isteach sa ngeimhreadh dhuit
Ach d'fhágais féin an samhradh againn
Gan fuacht air go deo.
Geimhreadh — cailleadh do cheol féin
Samhradh — do cheol inár ngleic
Gréigeach i ngéibheann ár ngríosadh
Do bhrostaigh, do bhronn meanma
I bhfuacht na carcarach
Blas na gréine
Tú féin i ngéibheann an bháis
Ár gcomharsa béal dorais
Ag seinnm samhraidh ár múscailt.

The Soul that Kissed the Body: New and Selected Poems in Irish (with translations into English and an introduction by the author), (The Gallery Press, 1990), lch 54.