Pádraig Ó Snodaigh

Pádraig Ó Snodaigh

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Suíomh: Baile Átha Cliath

Rugadh Pádraig Ó Snodaigh i gCeatharlach. Scríbhneoir, file agus foilsitheoir ba ea é. Bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1974 go 1978. Bhí sé pósta leis an dealbhóir, Clíodna Cussen (1932-2022), agus bhí seisear mac acu — Aengus, Rossa, Rónán, Colm, Cormac agus Fergus. Bhunaigh Pádraig an comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim sna 1980í. Bhí os cionn 1,000 leabhar de gach cineál foilsithe aige ó údair ar nós Máirtín Ó Cadhain, Tomás Mac Síomóin, Conleth Ellis, Diarmaid Ó Súilleabháin, Deirdre Brennan, Gabriel Rosenstock, Seán Mac Mathúna, Michael Hartnett, Pádraig Ó Cíobháin, Torlach Mac Con Midhe agus na sluaite eile, idir úrscéalaithe, ghearrscéalaithe, fhilí, dhrámadóirí, lucht aistí agus aistíola. Tá an-chuid aistriúchán ó theangacha éagsúla curtha ar fáil ag Coiscéim freisin le linn na mblianta sin freisin. Bhí cáil ar Phádraig as a chuid saothar féin. Foilsíodh filíocht, úrscéalta agus aistí staire leis freisin. Ina measc tá saothair léannta ar nós Hidden Ulster (Lagan Press, 1998), The Irish Volunteers, 17151793 (Irish Academic Press, 1995) agus an t-úrscéal Ó Pharnell go Queenie (1991). I measc na gcnuasach filíochta uaidh tá Cumha agus Cumann (Aisling Design, 1985), Cúl le Cúl (1988) agus Cronú (2004).

Pádraig Ó Snodaigh was born in Carlow but lived in Dublin. He was an Irish-language activist, poet, writer and publisher. He worked for the Irish Electricity Supply Board, and was assistant keeper in the National Museum from 1963 to 1988. He was a former president of Conradh na Gaeilge, the Gaelic League. From 1974 to 1977, he was the editor of Carn, the official magazine of the Celtic League. In 1980, Ó Snodaigh founded the publishing company Coiscéim, a publishing company that has been a seminal influence in Irish-language publishing since 1980. Coiscéim has published over a thousand books in Irish. He has written poetry, novels, and historical essays as well. He has published scholarly works such as Hidden Ulster (Lagan Press, 1998); and The Irish Volunteers, 17151793 (Irish Academic Press, 1995); a novel, Ó Pharnell go Queenie (Coiscéim, 1991); and poetry collections, including Cumha agus Cumann (Aisling Design, 1985); and Cúl le Cúl (1988).

Dáta breithe: 18 Bealtaine 1935

Áit bhreithe: Ceatharlach

Dáta báis: 2 Eanáir 2025

Scaip an phortráid seo: