Pádraig Ó Snodaigh

Pádraig Ó Snodaigh

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 21 September 2010

Setting: Dublin

Rugadh Pádraig Ó Snodaigh i gCeatharlach. Is scríbhneoir, file agus foilsitheoir é. Bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1974 go 1978. Tá sé pósta leis an dealbhóir, Clíodna Cussen, agus tá seisear mac acu — Aengus, Rossa, Rónán, Colm, Cormac agus Fergus. Bhunaigh Pádraig an comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim breis agus tríocha bliain ó shin. Tá os cionn 1,000 leabhar de gach cineál foilsithe aige ó údair ar nós Máirtín Ó Cadhain, Tomás Mac Síomóin, Conleth Ellis, Diarmaid Ó Súilleabháin, Deirdre Brennan, Gabriel Rosenstock, Seán Mac Mathúna, Michael Hartnett, Pádraig Ó Cíobháin, Torlach Mac Con Midhe agus na sluaite eile, idir úrscéalaithe, ghearrscéalaithe, fhilí, dhrámadóirí, lucht aistí agus aistíola. Tá an-chuid aistriúchán ó theangacha éagsúla curtha ar fáil ag Coiscéim freisin. Tá cáil ar Phádraig as a chuid saothar féin. Tá filíocht, úrscéalta agus aistí staire foilsithe aige. Ina measc tá saothair léannta ar nós Hidden Ulster (Lagan Press, 1998), The Irish Volunteers, 17151793 (Irish Academic Press, 1995) agus an t-úrscéal Ó Pharnell go Queenie (1991). I measc na gcnuasach filíochta uaidh tá Cumha agus Cumann (Aisling Design, 1985), Cúl le Cúl (1988) agus Cronú (2004).

Pádraig Ó Snodaigh was born in Carlow but lives in Dublin. He is an Irish-language activist, poet, writer and publisher. He worked for the Irish Electricity Supply Board, and was assistant keeper in the National Museum from 1963 to 1988. He is a former president of Conradh na Gaeilge, the Gaelic League. From 1974 to 1977, he was the editor of Carn, the official magazine of the Celtic League. In 1980, Ó Snodaigh founded the publishing company Coiscéim, a publishing company that has been a seminal influence in Irish-language publishing since 1980. Coiscéim has published over a thousand books in Irish. He has written poetry, novels, and historical essays as well. He has published scholarly works such as Hidden Ulster (Lagan Press, 1998); and The Irish Volunteers, 17151793 (Irish Academic Press, 1995); a novel, Ó Pharnell go Queenie (Coiscéim, 1991); and poetry collections, including Cumha agus Cumann (Aisling Design, 1985); and Cúl le Cúl (1988).

Birth date: 1935

Place of birth: Carlow

Share this portrait: