Pádraig Ó Fiannachta

Pádraig Ó Fiannachta

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 13 Meán Fómhair 2011

Suíomh: An Daingean, Co. Chiarraí

Malairt portráide: Portráid

Rugadh é i 1927 i mBaile Móir, sa Daingean i gContae Chiarraí. Is iomaí leabhar a scríobh an tOllamh Ó Fiannachta agus is iomaí leabhar fós a raibh baint aige leo mar eagarthóir, mar chomhairleoir agus mar fhoilsitheoir. Ba é a bhí i mbun an chlóphreas An Sagart agus Iris na hOidhreachta. Is dócha gurb iad Léachtaí Cholm Cille agus Irisleabhar Mhá Nuad an dá fhoilseachán is mó cáil. Ó d’éirigh sé as Ollúnacht na Nua-Ghaeilge i Maigh Nuad, chaith sé seal caite ina shagart paróiste i nGleann Fleisce ar dtús agus ansin sa Daingean. Is beag gné de shaíocht na Gaeilge (idir Shean-, Mheán-, agus Nua-Ghaeilge) nach raibh an-tuiscint aige uirthi agus d'fhoilsigh sé ábhar an-éagsúil ina dtaobh sin go léir. Tá ceithre leabhar taistil, leabhar urnaithe, dhá leabhar Teagasc Críostaí, agus cláir lámhscríbhinní foilsithe aige. Ó thaobh na scríbhneoireachta cruthaithí de, tá cnuasaigh filíochta curtha amach aige agus tá rogha dá shaothar le fáil sa tsraith Guth an Ealaíontóra (Cló Iar-Chonnachta, 1993). Thug an leabhar critice uaidh, Léas ar ár Litríocht (An Sagart, 1982), grinnléargas ar an litríocht trí chéile agus ar an litríocht chomhaimseartha go háirithe. Foilsíodh féilscríbhinn dó faoin teideal Stair na Gaeilge: in ómós do Pádraig Ó Fiannachta (An Sagart, 1994). Cailleadh é i mí Iúil 2016.

Born in 1927 in An Daingean, Co. Kerry, Pádraig Ó Fiannachta was a prolific writer and publisher, directing the work of the publishing company An Sagart. He also published Iris na hOidhreachta. Léachtaí Cholm Cille and Irisleabhar Mhá Nuad continue to be two of the more significant annual publications of An Sagart. Having retired from his Professorship in Modern Irish at Maynooth University in 1994, he served as parish priest in Glenflesk and then in An Daingean. He published on a wide diversity of subjects, utilising his extensive understanding of Old, Middle and Modern Irish scholarship. He also published travel books, prayer books, two books of religious doctrine, and manuscript catalogues. He also published works of creative writing, including a poetry collection, and his poetry was published in the series Guth an Ealaíontóra (Cló Iar-Chonnachta,1993). His book of literary criticism, Léas ar ár Litríocht (An Sagart, 1982) demonstrated his unique insight into literary works, and contemporary literature specifically. Stair na Gaeilge: in ómós do Pádraig Ó Fiannachta (An Sagart, 1994), a festschrift in his honour, was published after his retirement. He died in July 2016.

Dáta breithe: 1927

Áit bhreithe: Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí

Dáta báis: 15 Iúil 2016

Naisc: Beatha ar Ainm.ie »

Scaip an phortráid seo:
Aifreann i mBrosna
Ardaíodh suas an abhlann
tráthnóna Dé Domhnaigh
ag binn an teampaill.
Tháinig na beacha ann
lena málaí meala
is a gcrónán ceana.
Tháinig na gamhna ann
is rinneadar damhsa
le hailliliú samhraidh.
Tháinig na fáinleoga ann
lena ngibiris dána
is iasacht a sciathán dúinn.
Tháinig an ghrian ann
le bheith mar lampa
in áit choinnle an amhrais.
Tháinig an leoithne ann
in áit bhrothall an pheaca
le gráín dá leacan.
Tháinig an féar glas ann
mar bhrat fé chosa aingil
a thurlaing ann go haclaí.
Tháinig na leanaí ann
le rince 'gus amhrán
is slán le gach canrán.
Tháinig na fir ann
ag féachaint thar chlaí isteach
ar chóisir a muintire
Tháinig na mná ann
le guí ar a sástacht
do bheo agus d'easlánaibh.
Tháinig an chléir ann
ag déanamh cuiginne Dé dúinn
le huachtar ár gcuid saothair
i bhfíorchruithneacht is caorthain.

As Pádraig Ó Fiannachta, Deora Dé (An Sagart, 1987), lgh. 161-162.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00