Pádraig Ó Cíobháin

Pádraig Ó Cíobháin

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 13 Márta 2011

Suíomh: Gaillimh

Ar an nGráig i bParóiste an Fheirtéaraigh a saolaíodh é i 1951. D’fhreastail ar Choláiste Bhréanainn i gCill Áirne agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá cónaí air anois i mBearna. Bhí sé ina Scríbhneoir Cónaitheach Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ó 2003 go 2005. Tá sé fostaithe mar theagascóir Gaeilge i Roinn na Gaeilge Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Seo a leanas na saothair atá foilsithe aige go nuige seo: De Chion Focal (2015), Novella Eile (2014), Dréachta Chrích Fódla: Imleabhar 1 (2007), Ré an Charbaid (2003), Faightear Gach Laoch In Aisce (2001), Tá Solas Ná hÉagainn Choíche (1999), Ar Gach Maoilinn tá Síocháin (1998), Desiderius a Dó (1996), An Grá Faoi Cheilt (1992), An Gealas i Lár Na Léithe (1992), Le Gealaigh (1991).

Pádraig Ó Cíobháin was born in An Ghráig, Ballyferriter in 1951. He received his education at Ferriter National School, St. Brendan’s College Killarney and University College, Cork. He now lives in Bearna and was appointed Irish Language Writer in Residence in the National University of Ireland, Galway 2003–2005. He is at present a tutor in Roinn na Gaeilge in the National University of Ireland, Galway. His publications hitherto are as follows: De Chion Focal (2015), Novella Eile (2014), Dréachta Chrích Fódla: Imleabhar 1 (2007), Ré an Charbaid (2003), Faightear Gach Laoch In Aisce (2001), Tá Solas Ná hÉagainn Choíche (1999), Ar Gach Maoilinn tá Síocháin (1998), Desiderius a Dó (1996), An Grá Faoi Cheilt (1992), An Gealas i Lár Na Léithe (1992), Le Gealaigh (1991).

Dáta breithe: 1951

Áit bhreithe: An Ghráig, Co. Chiarraí

Scaip an phortráid seo:

Age Bolg Liúrach b’ea dh’éirigh an ‘fhinnebhean tséimh shéaghanta shárchaoin tsuairc’ as bhroinne na toinne, cúrán bán ag sileadh lena ‘muirearfholt réidh raonfholtach fá a ndíol cuach.’

Dob fhéidir a rá gur finnscéalaíocht fhileata a bhfuil curtha i gcuntas thuas sochas an sórt fuarchuntais lena mbeadh súil age ‘drong re stair’ ár linne-na. An iomarca tóra ar an réaltacht fé ndear dúinn bheith chomh dealbh is atáimid, Dia linn! An tuire agus an leimhe dulta sa bheo ionainn. An fileatas i ndeaghaidh a mharbhtha, adhlactha i liombó na leamhaireachta.

Ach b’ainmhí de shórt eile Pól: gan an t-áth ach leaththrasnaithe aige idir an saol roim Ré an tSoilsithe agus an mhonaplacht do géilleadh dá réasúnaíocht ina dheaghaidh-sean. Sé déarfadh duine dá fhine go raibh an fear céanna sna púcaí: an t-απο μηχανης θεοs, (deus ex machina, insa chló Rómhánach) ardaithe ós comhair a shúl – Véineas ag siúl ar an uisce, ag druideam i dtreo an Chuaisín dála mhic an duine ar Mhuir Ghaililí.

Ghluais fé dhéin ár bhfínné, an spéirbhean óig mhaisiúil, mar bheadh roithíní féna troithíní, gan glúin a lúbadh, gan truslóg a thabhairt, gan géag a bhogadh. A lomnochtacht, a háilneacht, ag bíogadh na dúile ann. A láimh dheis thar bhánchíoch chruaidh, amhail gur mharbhdhealbh marmair í, nó tabló reoite in imeacht na mblian: dlaoithe dá folt búclach ina glaic chlé mar fhial ag clúdach a gráta, gur mó de léiriú ar a féile é ná ar a modhúlacht, a roisc lánoscailte ag stánadh sna súile ar an eolaí, a shamhlóimist dá grinniúint, i bpictiúir Bhotticelli dá breith, sa Ghalleria degli Uffizi i bhFirenze na hIodáile.

Véineas ina crotaon, ar snámh i dtreo Phóil, gurb áil leis ina chuan í mar ‘chéidbhean’ ná haon neach dá samhail: Véineas Kallipygos (Άφροδίτη Καλλίπγος, insa chló Gréagach) féna bhun, a rumpa lena ceann crústa, an greadadh athnuaite, an chneadaíl, an fotharaga, ath-thionscainte, gur ghlam, mar gur sáite bheadh: scréach a réabfadh brat an teampaill, a chrithfeadh neamh is talamh, a thógfadh na mairbh ó uaigh.

Pádraig Ó Cíobháin, sliocht as an ngearrscéal ‘San Tuille do Léig Vénus ’na Táclaí Anuas,’ De Chion Focal, lgh 332-3 (Coiscéim 2015)