Pádraig B. Ó Laighin

Pádraig B. Ó Laighin

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 3 Márta 2011

Suíomh: Baile Átha Cliath

File agus socheolaí. Léachtóir le socheolaíocht agus le modhanna taighde shóisialta i gCeanada ar feadh sé bliana is fiche, agus in Éirinn ó d’fhill sé i 1996. Oilte mar mhúinteoir, MA sa tsíceolaíocht ó Ollscoil McGill aige, agus Ph. D. sa tsocheolaíocht ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ina cheannaire in Québec ar ghluaiseacht shóisialta a bhain stádas amach do Grosse-Île mar Láthair Stairiúil Náisiúnta i gcuimhne na nGael a cailleadh ann le linn an Ghorta Mhóir. Ghlac sé ról lárnach san fheachtas rathúil chun stádas mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh a bhaint amach don Ghaeilge. Ailt scríofa aige faoi stair Grosse-Île, agus roinnt leabhar agus mórán alt foilsithe aige faoi reachtaíocht teanga agus stádas na Gaeilge. Dhá dhíolaim filíochta foilsithe aige, agus chuir sé Catullus Gaelach (2010) in eagar. I measc na ngradam a bronnadh air tá Gradam Sheachtain na Gaeilge (2004), Bonn Aimhirgín (2005), agus Duais Filíochta Dhubhglas de hÍde (2015). Ghlac sé páirt sa Léamh don Domhan a d’eagraigh Áras na Scríbhneoirí in 2012, agus tá samplaí dá shaothar ar fáil i gCartlann Léamha Filíochta na hÉireann.

Poet and sociologist. Lecturer in sociology and social research methods in Canada for twenty-six years, and in Ireland following his return in 1996. A trained teacher, he holds an MA in psychology from McGill University, and a Ph. D. in sociology from University College Dublin. Led a social movement in Québec which achieved status for Grosse Île as a National Historic Site in memory of the Irish people who died there during the great famine. Played a leading role in the successful campaign to have Irish designated an official working language of the European Union. Has written articles on the history of Grosse Île, and a number of books and many articles on language legislation and the status of Irish. He has published two collections of poetry, and edited Catullus Gaelach (2010). Awards include Gradam Sheachtain na Gaeilge (2004), the Aimhirgín Medal (2005), and the Douglas Hyde Poetry Prize (2015). He participated in the Read for the World event organized by the Irish Writers’ Centre, and examples of his work are available in the Irish Poetry Reading Archive.

Scaip an phortráid seo:

Seo Grosse-Île

Oileán na nGael
l’Île des Irlandais (1832-4)

Seo oileán na dtríochaidí,
Cuan an Chalair ansin amuigh
mar ar éag mórán Gael
a ling de longa lena slogadh
ag gaineamh súraic;
seo oileán na mílte gan ainm
a cailleadh sa deichniúr sin.

Seo Grosse-Île
Oileán na nGael
l’Île des Irlandais (1846-7)

Seo oileán an Ghorta Mhóir,
oileán na long mar chónra chláir
amuigh ar an gcuan
ar stad gan suan
cois ula na n-íospartach,
is oileán leis lucht páirte
an ghrá i ngníomh ar tír.

Seo Grosse-Île
Oileán na nGael
l’Île des Irlandais

Seo oileán na n-iomairí leathana
a chumhdaíonn claiseanna choirp
na ndaoine
a madhmadh as alt
as cnoc as gleann,
oileán giniúna claochlaithe tíre
dá ngairtear Ceanada.

Seo Grosse-Île
Oileán na nGael
l’Île des Irlandais

Oileán na nGael i bhfad ó thír
a ndúchais is a mbuandoilís,
inis sheodmhar seirce
a d’iompaigh
ina hárthach síothlaithe
dá raibh ag súil le muir fhlaithiúil
ach gur in uaigh a ráiníodar.

Seo Grosse-Île
Oileán na nGael
l’Île des Irlandais (1996)

Inniu cois cuain cois croise móire
briathraímid bhur n-ainmneacha
mar shuan sí
bhur muirniú
ó thromluí géar
chun a rá linn go leomhtar dúinn
na seolta a ardú an athuair.

Pádraig B. Ó Laighin, Ní Iontas go bhFuil an Spideog ag Gearán, lgh 20-1 (Coiscéim; Éditions de Lis, 2011)

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00