Pádraig B. Ó Laighin
Seánraí: Eagarthóir, File, Iriseoir, Prós-scríbhneoir neamhfhicsin, Scríbhneoir acadúil, Staraí
File agus socheolaí. Léachtóir le socheolaíocht agus le modhanna taighde shóisialta i gCeanada ar feadh sé bliana is fiche, agus in Éirinn ó d’fhill sé i 1996. Oilte mar mhúinteoir, MA sa tsíceolaíocht ó Ollscoil McGill aige, agus Ph. D. sa tsocheolaíocht ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ina cheannaire in Québec ar ghluaiseacht shóisialta a bhain stádas amach do Grosse-Île mar Láthair Stairiúil Náisiúnta i gcuimhne na nGael a cailleadh ann le linn an Ghorta Mhóir. Ghlac sé ról lárnach san fheachtas rathúil chun stádas mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh a bhaint amach don Ghaeilge. Ailt scríofa aige faoi stair Grosse-Île, agus roinnt leabhar agus mórán alt foilsithe aige faoi reachtaíocht teanga agus stádas na Gaeilge. Dhá dhíolaim filíochta foilsithe aige, agus chuir sé Catullus Gaelach (2010) in eagar. I measc na ngradam a bronnadh air tá Gradam Sheachtain na Gaeilge (2004), Bonn Aimhirgín (2005), agus Duais Filíochta Dhubhglas de hÍde (2015). Ghlac sé páirt sa Léamh don Domhan a d’eagraigh Áras na Scríbhneoirí in 2012, agus tá samplaí dá shaothar ar fáil i gCartlann Léamha Filíochta na hÉireann.
Poet and sociologist. Lecturer in sociology and social research methods in Canada for twenty-six years, and in Ireland following his return in 1996. A trained teacher, he holds an MA in psychology from McGill University, and a Ph. D. in sociology from University College Dublin. Led a social movement in Québec which achieved status for Grosse Île as a National Historic Site in memory of the Irish people who died there during the great famine. Played a leading role in the successful campaign to have Irish designated an official working language of the European Union. Has written articles on the history of Grosse Île, and a number of books and many articles on language legislation and the status of Irish. He has published two collections of poetry, and edited Catullus Gaelach (2010). Awards include Gradam Sheachtain na Gaeilge (2004), the Aimhirgín Medal (2005), and the Douglas Hyde Poetry Prize (2015). He participated in the Read for the World event organized by the Irish Writers’ Centre, and examples of his work are available in the Irish Poetry Reading Archive.