Pádraic Breathnach

Pádraic Breathnach

Grianghrafadóir: Seán Ó Mainnín

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 27 Aibreán 2018

Suíomh: Limerick School of Art and Design

I Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, a rugadh Pádraic Breathnach sa bhliain 1942. Gearrscéalaí, úrscéalaí agus bailitheoir béaloidis é a bhfuil scór leabhar foilsithe aige, móide na céadta alt. É ina cholúnaí ar an ráitheachán Moycullen Matters ó bunaíodh é 1992.

É ag cumadh ó bhí sé aon bhliain déag d’aois. An-chuid duaiseanna agus gradam bronnta ar a cheapadóireacht. 1992 bhronn an Foras Cultúir Gael-Mheiriceánach Gradam Liteartha an Bhuitléaraigh air.

Cáil ar a chur síos ar ghasúir, ar an dúlra agus ar aonaránachas. Uaigneas na himirce i seascaidí an chéid seo caite atá mar théama san úrscéal Ar na Cúlacha (1998); úrscéal campais é Deargadaoil i mBád fó Thoinn (2012); léiriú ar mhídhílseacht phósta atá in Dialann mo Mháthar (2018) a ghnóthaigh an phríomhdhuais Oireachtais 2016.

Tá saothar leis aistrithe do Bhéarla agus do theangacha eile.

I gcéilíocht leis an scríbhneoireacht is iad na mórspéiseanna eile atá aige ná an eacmharcaíocht, cuil-iascaireacht, siúlóid sléibhe agus taisteal aistreánach. Ar na háiteanna a dtug sé cuairt orthu tá an Tibéid, Neipeal, an tSín, an Íoslainn, an Ghraonlainn, na hOileáin Faró, Alaska, Svalbard. Is iad an tSealtainn, na hAircibh agus Inse Ghall a rogha réigiún.

Cuireadh oideachas air i Maigh Cuilinn agus i gcathair na Gaillimhe. Bhain sé amach céim BA (Gaeilge is Stair); móide MA (Nua-Ghaeilge); móide an tArd-Dioplóma san Oideachas. Mhúin sé ar feadh scaithimh i gColáiste Muire, Gaillimh; Coláiste Charraig an Tobair, Caiseal; Coláiste Belvedere, Baile Átha Cliath; 1969-2007, é ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach.

Pádraic Breathnach was born in Moycullen, Co. Galway, in 1942. He attended the local national school; St Mary’s College, Galway, and UCG. He taught at St. Mary’s; Rockwell College, Cashel, and Belvedere College, Dublin. 1969-2007 he was a lecturer in Irish at Mary Immaculate College, Limerick.

He is a short story writer and a novelist. Has received many literary prizes and awards, including The Butler Literary Award, 1992, from the Irish-American Cultural Institute.

“Breathnach is representative of a generation of writers in Irish bridging two worlds, sometimes wrestling between two cultures... He is, perhaps, most convincing when writing earthily about his own people, a people... destined, many of them, for emigration, bachelorhood, spinsterhood, celibacy, a people inhabiting a harsh physical landscape... He is good on vitriol, loneliness, blind hate, social awkwardness, guilt, self-doubt, the dreams of youth, rites of passage; he is glorious and unmatched in his depiction of decay, the decay of social, cultural and moral fabrics, of landscape and mind gone to seed.” (The March Hare, Introduction, 2-3, Gabriel Rosenstock)

His novel As na Cúlacha (1998) deals with emigration in the sixties; Deargadaoil i mBád fó Thoinn (2012) is a campus novel; Dialann mo Mháthar (2018), winner of the main Oireachtas na Gaeilge prize 2016, has infidelity in marriage as its theme.

Bróga Páipéir agus Stocaí Bainne Ramhair (2007) is a compilation of legends he collected from the storyteller Michael Phatch, Gleann 'ac Muirinn, Connemara. Luaithreach Angela (2011) is his translation of the acclaimed autobiography, Angela’s Ashes, by Frank McCourt.

Dáta breithe: 1942

Áit bhreithe: Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe

Scaip an phortráid seo:

“Nach ollamh anois gach dara duine anseo? Ní leor feasta, a mhic ó, stiúrthóirí nó leasuachtaráin, caithfear ollúna a cheapadh freisin. Ar mhuin mhairc a chéile, a chomrádaí. Máistreás na Coille lena slaitín, ag caitheamh siar a cuid éadaí leapan ar maidin agus í á rá léi féin: ‘Déanfaidh mé ollamh den so and so inniu!’ Mar a thugann Banríon Shasana onóracha móra amach.”

“Bhuel, dáiríre píre!”

“Dáiríre Paorach!”

“Pé ar bith é: A toute a l’heure, mar déarfadh Alastar, mar a déarfadh Aodh!”

“Gread leat, a mhála caca! Ach, foighid ort, ó luaigh tú an leithreas. Bíonn daoine ag trácht anois ar áilleacht an leithris seo, a bháine is atá na babhlaí nua. Bhuel, tá an ceart acu, agus breathnaigh an scáthán sin. Mar a fheiceann tú tá an scáthán sin chomh mór glé le scáthán páláis, seanphálás Shaddam i mBagdad.”

Sheas Balthazar os comhair an scátháin á shonrú féin ann ó mhullach a chinn, go gabhal, go bróga thíos. Chaoch sé súil air féin.

“Dia dhuit, a scrataí,” ar sé go magúil, “cé gur dona a bhreathnaíonn tú! Ball sinsearach foirne! Sinsearach toisc a fhad is atá tú anseo!”

As Deargadaoil i mBád fó Thoinn (Cló Iar-Chonnacht, 2012), lgh. 45-46.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00