Tá na 'Portráidí' ar an mbóthar!

31 Deireadh Fómhair 2016

Tá na 'Portráidí' ar an mbóthar!
Beidh 'na Portráidí' ag gluaiseacht ón Oireachtas i gCill Áirne, chuig Ollscoil Mhá Nuad, agus ar aghaidh chuig Acadamh Ríoga na hÉireann

Beidh 'na Portráidí' ag gluaiseacht ón Oireachtas i gCill Áirne, chuig Ollscoil Mhá Nuad, agus ar aghaidh chuig Acadamh Ríoga na hÉireann.

Co. Chiarraí: Déardaoin 3 Samhain ar 5pm san INEC, Cill Áirne
'Na Portráidí ag an Oireachtas': Ócáid ilmheán litríochta i bpáirt le Celia de Fréine agus Proinsias Mac a' Bhaird.

Co. Chill Dara: Déardaoin 17 Samhain ar a 4pm sa Leabharlann Ollscoile, Ollscoil Mhá Nuad.
Céim 1b - na Comhaid Fuaime - á seoladh go hoifigiúil ag Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an Dr Philp Nolan.
Fógrófar an painéal de ghrianghrafadóirí do Chéim 2 den togra go poiblí ag an imeacht seo.

Baile Átha Cliath: Máirt 13 Nollaig ar a 6pm in Acadamh Ríoga na hÉireann ar Shráid Dásain

Mórfhógra na scríbhneoirí nua (i mBliain 1 de Chéim 2 den togra): ainmneofar an chéad ochtar eile a bheidh sa chnuasach mar chuid de sheoladh bliantúil na Nollag de chuid COMHAR Teo.

Bígí linn ag na hócáidí seo agus muid ag ceiliúradh litríocht na Gaeilge agus na scríbhneoirí féin.