Seoltar an dara grúpa phortráidí nua i gCéim 2

30 Samhain 2018

Seoltar an dara grúpa phortráidí nua i gCéim 2
Cuid de scríbhneoirí na bPortráidí (Grúpa 2018) ag an oíche sheolta

Seoltar an dara grúpa Phortráidí nua i gCéim 2 den togra ag ócáid speisialta i gCeannáras Fhoras na Gaeilge

Na scríbhneoirí nua i gCéim 2

Tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil is ea Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Sa chéad chéim den tionscadal cuireadh an leabhar agus an láithreán ar fáil bunaithe ar an gcartlann bunaidh phortráidí digiteacha. Sa dara céim den tionscadal, cuirtear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. Seoladh ocht sraith de phortráidí nua/ochtar scríbhneoirí ag ócáid speisialta i gCeannáras Fhoras na Gaeilge, mar atá ar liosta 2018:

Ba é Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach reatha Fhoras na Gaeilge a rinne cúram den seoladh agus is iad Lára Ní Mhaoláin, Máirín Seoighe, Ronan Doherty agus Seán Ó Mainnín a ghlac na portráidí áille, nua, mar chuid de Chéim 2.

An tOllamh Cathal Ó Háinle, in éineacht le Pól Ó Gallchóir

Pádraic Breathnach ag breathnú ar a phortráid ar an scáileán

Celia de Fréine, Anna Davitt agus Cormac Breathnach ag baint taitnimh as an seoladh