Seoltar an chéad ghrúpa phortráidí nua i gCéim 2

17 Samhain 2017

Seoltar an chéad ghrúpa phortráidí nua i gCéim 2
Taispeántas na bPortráidí (Grúpa 2017) ag an oíche sheolta

Seoltar an chéad ghrúpa Phortráidí nua i gCéim 2 den togra ag ócáid speisialta i gCeannáras nua Fhoras na Gaeilge

Na scríbhneoirí nua i gCéim 2

Tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil is ea Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Sa chéad chéim den tionscadal cuireadh an leabhar agus an láithreán ar fáil bunaithe ar an gcartlann bunaidh phortráidí digiteacha. Sa dara céim den tionscadal, cuirtear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. Seoladh ocht sraith de phortráidí nua/ochtar scríbhneoirí ag ócáid speisialta i gCeannáras nua Fhoras na Gaeilge, mar atá ar liosta 2017:

Ba é Séan Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge a rinne cúram den seoladh agus is iad Lára Ní Mhaoláin, Máirín Seoighe, Ronan Doherty agus Seán Ó Mainnín a ghlac na portráidí áille, nua, mar chuid de Chéim 2.

Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach, Foras na Gaeilge in éineacht leis an Dr Liam Mac Amhlaigh, Eagarthóir, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge

Cathal Brugha agus Regina Uí Chollatáin

Joe Steve Ó Neachtain i dteannta Liam Mhic an Iomaire, Bairbre Mhic an Iomaire agus Máire Nic Mhaoláin