Seoltar an chéad ghrúpa phortráidí nua i gCéim 2
17 Samhain 2017
Seoltar an chéad ghrúpa Phortráidí nua i gCéim 2 den togra ag ócáid speisialta i gCeannáras nua Fhoras na Gaeilge
Na scríbhneoirí nua i gCéim 2
Tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil is ea Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Sa chéad chéim den tionscadal cuireadh an leabhar agus an láithreán ar fáil bunaithe ar an gcartlann bunaidh phortráidí digiteacha. Sa dara céim den tionscadal, cuirtear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. Seoladh ocht sraith de phortráidí nua/ochtar scríbhneoirí ag ócáid speisialta i gCeannáras nua Fhoras na Gaeilge, mar atá ar liosta 2017:
- Bríd Ní Mhóráin: file
- Darach Mac Con Iomaire: drámadóir agus scríbhneoir scripte
- Darach Ó Scolaí: úrscéalaí
- Joe Steve Ó Neachtain: gearrscéalaí, drámadóir, file agus úrscéalaí
- Máire Nic Mhaoláin: aistritheoir agus eagarthóir
- Orna Ní Choileáin: úrscéalaí, gearrscéalaí, drámadóir, agus scríbhneoir do pháistí
- Regina Uí Chollatáin: Ceann ar Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus scríbhneoir acadúil
- Tadhg Ó Dúshláine: Iarléachtóir sinsearach le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, file agus scríbhneoir acadúil
Ba é Séan Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge a rinne cúram den seoladh agus is iad Lára Ní Mhaoláin, Máirín Seoighe, Ronan Doherty agus Seán Ó Mainnín a ghlac na portráidí áille, nua, mar chuid de Chéim 2.
Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach, Foras na Gaeilge in éineacht leis an Dr Liam Mac Amhlaigh, Eagarthóir, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge
Cathal Brugha agus Regina Uí Chollatáin
Joe Steve Ó Neachtain i dteannta Liam Mhic an Iomaire, Bairbre Mhic an Iomaire agus Máire Nic Mhaoláin