Seoltar an ceathrú grúpa nua phortráidí i gCéim 2

8 Deireadh Fómhair 2020

Seoltar an ceathrú grúpa nua phortráidí i gCéim 2
Ochtar na bliana seo, 2020

Seoltar an ceathrú grúpa Phortráidí nua i gCéim 2 den togra ag ócáid speisialta ar líne

Tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil is ea Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Sa chéad chéim den tionscadal cuireadh an leabhar agus an láithreán ar fáil bunaithe ar an gcartlann bunaidh phortráidí digiteacha. Sa dara céim den tionscadal, cuirtear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. Seoladh ocht sraith de phortráidí nua/ochtar scríbhneoirí ag ócáid fhíorúil speisialta ar facebook.com/portraidi, mar atá ar liosta 2020:

Is iad Lára Ní Mhaoláin, Caoimhín Ó Peatáin, Máirín Seoighe agus Seán Ó Mainnín a ghlac na portráidí áille, nua, i mbliana mar chuid de Chéim 2.