Seoladh Chéim 1b (Na comhaid fuaime) agus fógairt phainéal grianghrafadóirí Chéim 2

30 Samhain 2016

Seoladh Chéim 1b (Na comhaid fuaime) agus fógairt phainéal grianghrafadóirí Chéim 2

Chuir an tOllamh Pilib Ó Nualláin, Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, comhaid fuaime a bhaineann le ‘Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge’ os comhair an phobail ag ócáid speisialta i Leabharlann Ollscoil Mhá Nuad ar an 17 Samhain 2016.

Ba mhór ag COMHAR agus Foras na Gaeilge go raibh an Dr Pilib Ó Nualláin, Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, ar fáil chun na comhaid fuaime de Chéim 1b den tionscadal Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge a chur os comhair an phobail i Leabharlann Eoin Pól II, Ollscoil Mhá Nuad, i gCill Dara ar an 17 Samhain 2016.

Cuireann na comhaid fuaime seo ar chumas an phobail éisteacht le taifeadtaí de na scríbhneoirí i mbun léitheoireachta ar shleachta roghnaithe acu féin óna gcuid saothair. Tá na taifeadtaí seo á gcur leis an láithreán gréasáin chun gné na cartlainne den tionscadal a fhorbairt. Cloistear guth na n-ealaíontóirí focal seo sna comhaid, rud a chuireann chomh mór sin leis an bportráid a fheictear ar scáileán.

Chomh maith leis sin, fógraíodh an chéad nuacht faoi Chéim 2 den tionscadal ilbhliantúil, ilchéimneach seo, ina gcuirfear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. Le teacht i gcomharbacht ar Mháire Uí Mhaicín chun cúram na pórtráidíochta a leanúint, tá painéal nuabhunaithe lena n-áirítear na grianghrafadóirí seo a leanas, ar fógraíodh a n-ainmneacha ar an oíche:

• Ronan Doherty, comhairleoir deartha agus teicniúil, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge
• Lára Ní Mhaoláin, léachtóir le Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad
• Seán Ó Mainnín, eagarthóir grianghrafadóireachta tuairisc.ie
• Máirín Seoighe, scannánadóir agus bunaitheoir Scannáin Dobharchú

Ba mhaith le páirtithe an tionscadail ár mbuíochas a chur in iúl don phainéal seo agus iad ag tosú amach ar a gcúram sa bhliain úr.

Mar chuid den ócáid seo chomh maith, chuir Leabharlann na hOllscoile taispeántas ar bun de phortráidí na scríbhneoirí ón gcnuasach reatha a bhfuil ceangal acu le Má Nuad, leis an Ollscoil nó le Co. Chill Dara.

Fógrófar ainmneacha an chéad ghrúpa d’ochtar scríbhneoirí a mbeidh a bportráidí ón nua á gcur leis an suíomh portraidi.ie mar chuid de Chéim 2 de thionscadal Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge go poiblí ag mórsheoladh na Nollag de chuid COMHAR Teo, Máirt 13 Nollaig ar a 6:30in in Acadamh Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath.