Portráidí don Oideachas

12 Lúnasa 2019

Portráidí don Oideachas
Iontráil úr á forbairt do scata scríbhneoirí in oiriúint do riachtanais an fhoghlaimeora oideachasúil

Céim 3 – Áiseanna oideachasúla na bPortráidí

Agus dul chun cinn leanúnach ar siúl ar thogra na bPortráidí, tá sé mar chuspóir ag COMHAR an leithne is mó léitheoirí agus úsáideoirí a mhealladh ag an suíomh le leas a bhaint as an ábhar digiteach maorga, agus as scéal na scríbhneoirí agus na scríbhneoireachta a chur ar fáil don phobal is mó Ghaeilgeoirí. Tá úsáideoirí óga ina gcuid lárnach den chuspóir seo.

Chuige sin, tá foireann Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, i bpáirt le triúr comhairleoirí oideachais, ag cur tús le céim nua sa togra sa bhliain 2019. Tá sé mar aidhm áiseanna saincheaptha oideachais a dhearadh agus a chruthú le cur ar fáil do mhúinteoirí agus do mhic léinn/daltaí leis an bhfáil ar shuíomh na bPortráidí, a scríbhneoirí agus a samplaí scríbhneoireachta a leathnú tríd an gcóras oideachais.

Trí earnáil oideachais atá i gceist: a) Bunscolaíocht; b) Iarbhunscolaíocht; c) Ardoideachas. I measc na míreanna beidh: pleananna ceachta agus áiseanna ranga do rang a cúig agus rang a sé bunscoile (T1 gus T2); áiseanna ag dul leis an gCreat Shóisearach, agus amach anseo leis an gCreat Shinsearach nua, agus amlíne agus áiseanna beathaisnéise ollscoile le cur lena bhfuil á dteagasc ar chláir ollscoile Nua-Ghaeilge éagsúla in Ollscoileanna na tíre. Táthar ag obair ar chéatadán áirithe den suíomh féin a athdhearadh don léitheoir óg, ag díriú ar na scríbhneoirí a bhfuil baint acu leis an aos óg agus/nó le curaclam teagaisc oideachais.

Cuireadh tús leis an obair seo i mbliana trí rogha bheag ábhar samplach a chruthú agus a úsáid i dtrí shuíomh shainiúla oideachais, mar chéim phíolótaithe. Tá plean iomlán anois curtha le chéile do Chéim 3 bunaithe ar thorthaí an phíolótaithe seo.