Portráidí don Oideachas - uasdátú

28 Meán Fómhair 2020

Portráidí don Oideachas - uasdátú

Is breá linn forbairt leanúnach thogra na bPortráidí aithint leis an obair leanúnach ar Chéim 3 den togra: Portráidí don Oideachas.

I bpáirt lenár bpáirtnéirí togra Foras na Gaeilge, leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus dhá rannpháirtí eile, tá sé mar chuspóir ag COMHAR an leithne is mó léitheoirí agus úsáideoirí a mhealladh ag an suíomh le leas a bhaint as an ábhar digiteach maorga, agus as scéal na scríbhneoirí agus na scríbhneoireachta a chur ar fáil don phobal is mó Ghaeilgeoirí. Tá úsáideoirí óga ina gcuid lárnach den chuspóir seo.

Chuige sin, tá foireann Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, i bpáirt le triúr comhairleoirí oideachais, tar éis ballchríoch a chur le céim phíolótach de Chéim 3 i mbliana. Tá sé mar aidhm áiseanna saincheaptha oideachais a dhearadh agus a chruthú le cur ar fáil do mhúinteoirí agus do mhic léinn/daltaí leis an bhfáil ar shuíomh na bPortráidí, a scríbhneoirí agus a samplaí scríbhneoireachta a leathnú tríd an gcóras oideachais.

Trí earnáil oideachais atá i gceist: a) Bunscolaíocht; b) Iarbhunscolaíocht; c) Ardoideachas. I measc na míreanna beidh: pleananna ceachta agus áiseanna ranga do rang a cúig agus rang a sé bunscoile (T1 agus T2); áiseanna ag dul leis an gCreat Shóisearach, agus amach anseo leis an gCreat Shinsearach nua, agus amlíne agus áiseanna beathaisnéise ollscoile le cur lena bhfuil á dteagasc ar chláir ollscoile Nua-Ghaeilge éagsúla in Ollscoileanna na tíre. Táthar ag obair ar chéatadán áirithe den suíomh féin a athdhearadh don léitheoir óg, ag díriú ar na scríbhneoirí a bhfuil baint acu leis an aos óg agus/nó le curaclam teagaisc oideachais.

Cuireadh tús leis an obair seo anuraidh trí rogha bheag ábhar samplach a chruthú agus a úsáid i dtrí shuíomh shainiúla oideachais, mar chéim phíolótaithe. Tá plean iomlán anois curtha le chéile do Chéim 3 bunaithe ar thorthaí an phíolótaithe seo, agus beidh súil againn suíomh gaolmhar le suíomh na bPortráidí a sheoladh ag deireadh 2021.