Ócáid mhór ar an 16 Samhain

4 Samhain 2017

Ócáid mhór ar an 16 Samhain
Seolfar an chéad ghrúpa Phortráidí nua i gCéim 2 den togra ar an 16 Samhain

Tugtar cuireadh duit a bheith i láthair nuair a sheolfar an chéad ghrúpa Phortráidí i gCéim 2 den togra Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge ar a 7pm, Déardaoin 16 Samhain

Ba mhór ag COMHAR, agus Foras na Gaeilge, tú a bheith i láthair

Déardaoin 16 Samhain, 7:00pm

i halla nua Cheannáras Fhoras na Gaeilge, 63-66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1, tráth a chuirfidh

Seán Ó Coinn

(Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge)

Portráidí Ghrúpa Scríbhneoirí 2017

i láthair an phobail.

___________________________________

Na scríbhneoirí nua i gCéim 2

Tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil is ea Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Sa chéad chéim den tionscadal cuireadh an leabhar agus an láithreán ar fáil bunaithe ar an gcartlann reatha phortráidí digiteacha. Sa dara céim den tionscadal, cuirfear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. Beidh sé i gceist ocht sraith de phortráidí nua/ochtar scríbhneoirí a chur leis an mbunachar in aghaidh na bliana. Is é seo a leanas liosta 2017:

Anuas orthu siúd, fógróidh páirtithe an tionscadail liosta 2018 an oíche chéanna.