Grúpa 2022 ainmnithe!

8 Deireadh Fómhair 2021

Grúpa 2022 ainmnithe!
Fógraíodh ainmneacha an ghrúpa nua scríbhneoirí a mbeidh a bportráidí á nglacadh ag an bpainéal grianghrafadóirí sa bhliain 2022

Fógraíodh ainmneacha an ghrúpa nua scríbhneoirí a mbeidh a bportráidí á nglacadh ag an bpainéal grianghrafadóirí sa bhliain 2022

Cuirtear sraith nua d'ocht bportráidí/ochtar scríbhneoirí leis an mbunachar in aghaidh na bliana. Chuige sin, ba mhór le páirtithe an tionscadail an séú liosta nua, liosta 2022, a bhaineann le Céim 2 den togra a roinnt

Tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil is ea Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Sa chéad chéim den tionscadal cuireadh an leabhar agus an láithreán ar fáil bunaithe ar an gcartlann reatha phortráidí digiteacha. Sa dara céim den tionscadal, cuirtear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. Cuirtear sraith nua d'ocht bportráidí nua/ochtar scríbhneoirí leis an mbunachar in aghaidh na bliana. Chuige sin, ba mhór le páirtithe an tionscadail an séú liosta nua, liosta 2022, a bhaineann le Céim 2 den togra a roinnt. Is iad siúd:

Réiteofar portráidí den ochtar scríbhneoirí seo, móide eolas beathaisnéise agus sonraí gaolmhara eile sa chéad sé mhí de 2022 le poibliú faoi mhí na Samhna an bhliain seo chugainn, nuair a sheolfar an t-ábhar agus nuair a fhógrófar liosta 2023. Tá COMHAR agus Foras na Gaeilge thar a bheith buíoch de na scríbhneoirí agus na grianghrafadóirí a thoiligh a bheith páirteach sa togra spreagúil seo. Foilseachán stairiúil is ea é seo; ceiliúradh ar an oidhreacht liteartha a chuir na scríbhneoirí seo ar fáil don teanga.