Bua portraidi.ie sna Eir Spiders

14 Nollaig 2016

Bua portraidi.ie sna Eir Spiders
Ronan Doherty ag glacadh leis an ngradam

Bhí ábhar mórtais faoi leith ann nuair a ghnóthaigh an suíomh www.portraidi.ie an chéad áit sa chomórtas náisiúnta Eir Spiders (Gradaim sa Teicneolaíocht Dhigiteach) don suíomh gréasáin is fearr i nGaeilge in Éirinn sa bhliain 2016

Íoslódáil

Bhí ábhar mórtais faoi leith ann nuair a ghnóthaigh an suíomh www.portraidi.ie an chéad áit sa chomórtas náisiúnta Eir Spiders (Gradaim sa Teicneolaíocht Dhigiteach) don suíomh gréasáin is fearr i nGaeilge in Éirinn sa bhliain 2016. Bronnadh an gradam seo ar an suíomh ag searmannas ar an gCéadaoin 30 Samhain. Is mór an teist í an bua seo ar dhearadh an tsuímh agus ar a fheabhas mar áis tagartha, taighde agus foghlama do dhuine ar bith ar spéis leo litríocht na Gaeilge. Cúis bróid ar leith do rannpháirtithe an tionscadail is ea an t-aitheantas seo a bheith faighte ag an suíomh ceannródaíoch, stairiúil seo a bhfuil aidhm cartlannaíoch ag baint leis agus gan é ach cúpla mí ar an bhfód.