Áis nua le brabhsáil de réir chomhad fuaime agus an 50ú comhad curtha leis an suíomh

25 Iúil 2017

Áis nua le brabhsáil de réir chomhad fuaime agus an 50ú comhad curtha leis an suíomh
Na comhaid fuaime (céim 1b den tionscadal) á seoladh ag Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Pilib Ó Nualláin

Áis nua anois cruthaithe le breathnú go díreach ar iontrálacha portráide na scríbhneoirí a roghnaigh taifeadadh fuaime a chur lena n-iontráil. Tá caoga comhad fuaime anois ann agus breis á gcur ar an suíomh de réir a chéile.

Tá gné nua curtha leis an suíomh portraidi.ie le déanaí, a cheadaíonn d'úsáideoirí an tsuímh, rogha na n-iontrálacha portráide, de scríbhneoirí a roghnaigh taifeadadh fuaime a chur lena n-iontráil, a lorg agus a fheiscint. Tá caoga comhad fuaime anois ann, rud a dheimhníonn corpus suntasach d'ábhar fuaime. Cuireann na comhaid fuaime seo ar chumas an phobail éisteacht le taifeadtaí de na scríbhneoirí i mbun léitheoireachta ar shleachta roghnaithe acu féin óna gcuid saothair. Tá na taifeadtaí seo á gcur leis an láithreán gréasáin chun gné na cartlainne den tionscadal a fhorbairt. Cloistear guth na n-ealaíontóirí focal seo sna comhaid, rud a chuireann chomh mór sin leis an bportráid a fheictear ar scáileán.

Chun teacht ar na scríbhneoirí a bhfuil comhaid fuaime ag gabháil leo, osclaítear leathanach na scríbhneoirí agus roghnaítear "comhaid fuaime amháin" faoin áis scagtha ar thaobh na láimhe deise den scáileán.

Chuir an tOllamh Pilib Ó Nualláin, Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, comhaid fuaime (Céim 1b) den tionscadal Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge os comhair an phobail ag ócáid speisialta i Leabharlann Eoin Pól II, Ollscoil Mhá Nuad, i gCill Dara i ndeireadh 2016.