Nollaig Ó Muraíle

Nollaig Ó Muraíle

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 5 Iúil 2011

Suíomh: Baile Átha Cliath

Rugadh i gCnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo, 1948. Fuair meánscolaíocht i gColáiste Naithí, Bealach an Doirín. Ghnóthaigh BA sa Léann Ceilteach, 1970, MA i dTeanga agus Litríocht na Sean- agus na Meán-Ghaeilge, 1971, agus Ph. D. sa Ghaeilge, 1991, i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. I mBrainse Logainmneacha na Suirbhéireachta Ordanáis, 1972–93; ina léachtóir i Roinn na Ceiltise, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, 1993–2004, agus i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 2004–14. Ina bhall den Choimisiún Logainmneacha 2003-13, agus d’Acadamh Ríoga na hÉireann ó 2009. Chaith tríocha bliain ag cur eagair ar mhórshaothar an Dubhaltaigh Mhic Fhir Bhisigh — Leabhar Mór na nGenealach: The Great Book of Irish Genealogies (5 imleabhar; 3,500+ leathanach, 2003–4). Saothair eile dá chuid is ea Turas na dTaoiseach nUltach as Éirinn (2007), sé mhír in Léachtaí Cholm Cille (idir 1972 agus 2004) agus cúig mhír in Irisleabhar Mhá Nuad (idir 1971 agus 2005). Ina chomheagarthóir ar Saltair Saíochta, Sanasaíochta agus Seanchais (2013) agus ar Mayo: History and Society (2014). Cuid mhór foilsithe aige i mBéarla freisin ar ghnéithe éagsúla de stair na hÉireann agus de litríocht na Gaeilge. 

Born Knock, Co. Mayo, 1948. Received secondary education in St Nathy’s College, Ballaghaderreen. Awarded BA in Celtic Studies, 1970, MA in Old and Middle-Irish Language and Literature, 1971, and Ph. D. in Irish, 1991, at St Patrick’s College, Maynooth. In Placenames Branch of the Ordnance Survey, 1972–93; lectured in Celtic Department, Queen’s University, Belfast, 1993-2004, and in Department of Irish, National University of Ireland, Galway, 2004–14. A member of the Placenames Commission 2003-13, and of the Royal Irish Academy since 2009. Spent thirty years editing the magnum opus of Dubhaltach Mac Fhir Bhisigh — Leabhar Mór na nGenealach: The Great Book of Irish Genealogies (5 volumes; 3,500+ pages, 2003–4). Other works include Turas na dTaoiseach nUltach as Éirinn (2007), six items in Léachtaí Cholm Cille (between 1972 and 2004), and five pieces in Irisleabhar Mhá Nuad (between 1971 and 2005). Co-edited Saltair Saíochta, Sanasaíochta agus Seanchais (2013) and Mayo: History and Society (2014). Has also published extensively in English on various aspects of Irish history and Gaelic literature.

Dáta breithe: 1948

Áit bhreithe: Cnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo

Scaip an phortráid seo:

Go deimhin, is cosúil gurbh as Contae Mhaigh Eo don chéad scríbhneoir Connachtach a bhfuil a ainm ar eolas againn. Ba é sin Tíreachán, easpag (as Tír Amhlaidh, de réir dealraimh), a scríobh cuntas ar Naomh Pádraig am éigin sa dara leath den seachtú haois (timpeall na bliana AD 670, b’fhéidir). [1. Ludwig Bieler, The Patrician Texts in the Book of Armagh (1979), lgh 122-67 (téacs), agus lgh 213-35 (tráchtaireacht). Féach freisin Liam de Paor, Saint Patrick’s World (1993), lgh 154-74.] Is é atá sa saothar sin cur síos ar na turais mhisinéireachta a thug an naomh, más fíor, ar fud na hÉireann. Glactar leis, ar ndóigh, gur saothar naomhsheanchais seachas saothar staire atá i gcuntas Thíreacháin agus gur ar éigean a insíonn sé rud ar bith dúinn faoinar tharla in aimsir Phádraig féin. Ar an láimh eile, caitheann an saothar solas fíorshuimiúil ar ghnéithe éagsúla d’Éirinn i dtreo dheireadh an seachtú haois. [2. Catherine Swift, ‘Tírechán’s motives in compiling the Collectanea: an alternative interpretation’, Ériu 45 (1994), lgh 53-82.] Mar shampla, bíodh is gur i Laidin a scríobh Tíreachán, tugann sé eolas inspéise dúinn ar ghnéithe den tSean-Ghaeilge .i. an teanga a bhí in úsáid in Éirinn ag an am sin. [3. Féach Eoin Mac Néill, ‘Dates of texts in the Book of Armagh relating to St Patrick’, Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 58 (1928), lgh 85-101; ‘The origin of the Tripartite Life of Saint Patrick’, ibid. 59 (1929), lgh 1-15; ‘Later accretions to the Vita Tripartita’, Ériu 11 (1930), 1-9; ‘Topographical importance of the Vita Tripartita’, ibid., lgh 9-41. Is í an chúis a leagann Mac Néill an oiread sin béime ar an mBeatha Thriarach gur dhóigh leis gur shíolraigh cuid mhór den saothar go díreach ó chuntas Thíreacháin.]

Nollaig Ó Muraíle, sliocht as ‘Scríbhneoirí Gaeilge de bhunadh Mhaigh Eo’ In G. Moran & N. Ó Muraíle (eag.), Mayo: History and Society, lgh 157-82 (Geography Publications, 2014)