Nollaig Mac Congáil

Nollaig Mac Congáil

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 8 Lúnasa 2011

Suíomh: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Rugadh an tOllamh Nollaig Mac Congáil/Noel McGonagle i gcathair Dhoire sa bhliain 1948. Chuir sé spéis mhór i gcúrsaí Gaeilge agus é ar an mheánscoil. Chuaigh sé go hOllscoil na Ríona sa bhliain 1966 agus bhain céim sa Léann Cheilteach amach sa bhliain 1970. Bhain sé Ph. D. amach sa bhliain 1974 i gcúrsaí canúineolaíochta. Bhí sé mar chúntóir taighde ag an Ollamh Wagner ó 1972 go dtí 1974. Phós sé Marie McAllister sa bhliain 1974. Fuair sé post i Roinn na Gaeilge sa bhliain 1974 in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí sé ar fhoireann na Roinne sin as sin amach ach amháin sna blianta 1994–2000 nuair a bhí sé ina Dhéan ar Dhámh na nDán. Ceapadh é mar Mheabhránaí agus Uachtarán Ionaid sa bhliain 2011. Tá réimsí éagsúla na Gaeilge saothraithe aige i rith a shaoil: canúineolaíocht, gramadach, litríocht réigiúnach, scríbhneoireacht Dhún na nGall, stair irisí agus nuachtán, drámaíocht, agus cuid mhór foilsithe aige sna réimsí céanna.

Professor Nollaig Mac Congáil/Noel McGonagle was born in Derry City in 1948. He developed a great interest in Irish during his secondary school years. He attended Queen’s University, Belfast where he graduated with a BA in Celtic Studies (1970) and a Ph. D. in Irish (1974). He was research assistant to Professor Heinrich Wagner from 1972 to 1974. He married Marie McAllister in 1974. He joined the staff of the Irish Department in UCG (now National University of Ireland, Galway) in 1974. He served as Dean of Arts in the period 1994–2000, the first full-time dean in the history of the University. He was appointed Registrar and Deputy-President in 2011. He has published widely on the full spectrum of Modern Irish literature and language: dialectology, grammar, regional literature, drama, the history of the print media, translation, Donegal writing and the history of Gaelic Colleges.

Scaip an phortráid seo:

Ar na saolta deireanacha seo is beag colún Gaeilge a fheictear ar nuachtáin Bhéarla na hÉireann, bíodh nuachtáin náisiúnta nó logánta, nuachtáin tráthnóna nó Domhnaigh i gceist, amach ó cheann fánach thall is abhus. Tá imeallú iomlán agus dearmad glan chóir a bhith déanta ag na meáin chlóite Bhéarla ar an Ghaeilge le fada an lá agus chan ag bisiú a bheas an scéal feasta. Ní mar sin a bhí an scéal i rith an chéid seo caite, go háirithe i ndiaidh bhunú an tSaorstáit. Rinne na nuachtáin náisiúnta Bhéarla saothrú, dá laghad é, ar an Ghaeilge de réir mar a mheas siad spéis phobal na hÉireann san earra céanna agus de réir a n-idé-eolaíochta féin. Gan amhras, níor bhuan ná seasmhach spéis na ndaoine sa Ghaeilge agus bhí a shliocht ar shaothrú na Gaeilge ar na nuachtáin dá thairbhe sin.

Déanta na fírinne, níor bhain na meáin chlóite Ghaeilge an t-am ab fhearr iad ach le fíorbheagán léitheoirí sa tír ar fad nuair atá deireadh ráite. Os a choinne sin, bhain na cinn Bhéarla le pobal mór na hÉireann agus le cian d’aimsir. Is ceart cuimhneamh ar thábhacht na meán Béarla mar sin i gcur chun cinn na Gaeilge ar an uile dhóigh agus ar an chomaoin mhór a chuir siad orainn.

Aesóp i gConamara (Arlen House, 2009) 13.