Mícheál Ó Conghaile
Seánraí: Aistritheoir, Drámadóir, Eagarthóir, File, Gearrscéalaí, Scríbhneoir don aos óg, Prós-scríbhneoir neamhfhicsin, Staraí, Úrscéalaí
File, gearrscéalaí, úrscéalaí agus foilsitheoir é Mícheál. Rugadh é in Inis Treabhair i gConamara agus tá cónaí air in Indreabhán. In 1985 bhunaigh sé Cló Iar-Chonnacht (CIC), comhlacht foilsitheoireachta atá lonnaithe in Indreabhán. Tá sé ar an bhfoilsitheoir ceoil thraidisiúnta is táirgiúla in Éirinn agus ar cheann de na mórfhoilsitheoirí leabhar Gaeilge. Tá os cionn cúig chéad leabhar foilsithe aige. Is mar scríbhneoir cruthaitheach is mó aithne ar Mhícheál, go háirithe ó foilsíodh a chnuasach gearrscéalta An Fear a Phléasc (1997), an t-úrscéal Sna Fir (2000) a bhí ar ghearrliosta Dhuais Liteartha The Irish Times, an nóibhille Seachrán Jeaic Sheáin Johnny (2002), agus an cnuasach gearrscéalta, An Fear nach nDéanann Gáire (2003). Tá sealanna caite aige mar scríbhneoir cónaithe in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin freisin. Tá gearrscéalta leis aistrithe go teangacha éagsúla — Albáinis, Rómáinis, Cróitis, Slóivéinis, Polainnis, Gearmáinis, Macadóinis, Ioruais agus Béarla ina measc. Léirigh An Taibhdhearc trí dhráma dá chuid, Cúigear Chonamara, Jude agus Go dTaga do Ríocht. Sa bhliain 1998 toghadh Mícheál ina bhall d’Aosdána.
Micheál Ó Conghaile was born in Inis Treabhair, Conamara, Co. Galway in 1962. He has published poetry, short stories, a novel, plays, a novella and translations. Among his awards are the Butler Literary Award, the Hennessy New Irish Writer of the Year Award, the Stewart Parker/BBC Ulster Award, multiple Oireachtas awards and a Writers Week/Listowel Award. His books include An Fear a Phléasc, Sna Fir, An Fear nach nDéanann Gáire, Cúigear Chonamara, The Connemara Five and The Colours of Man. His works have been translated into various languages, including Romanian, Croatian, Albanian, Slovenian, German, Polish, Macedonian Norwegian, and English. An Taibhdhearc has produced three of his plays. He is a member of Aosdána since 1998. He established the publishing company Cló Iar-Chonnacht (CIC) in 1985 and is director of Cló Iar-Chonnacht, An Clóchomhar and Sáirséal Ó Marcaigh.