Micheál Ó Cearúil

Micheál Ó Cearúil

Grianghrafadóir: Seán Ó Mainnín

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 25 Meán Fómhair 2022

Suíomh: Portobello, Baile Átha Cliath

Is sa scoil náisiúnta áitiúil a thosaigh Micheál ag foghlaim na Gaeilge, agus lean sé air á foghlaim i Meánscoil na mBráithre Críostaí i nDurlas Éile. Dhíol sé an comhar leis na Bráithre le Gníomhartha na mBráithre – aistí comórtha ar Ghaelachas na mBráithre Críostaí, a chuir sé i dtoll a chéile i 1996 agus mar a bhfuil aiste leis féin dar teideal ‘Sa teanga atá tábhacht na teanga’. Rinne sé céim sa Léann Ceilteach faoin Athair Pádraig Ó Fiannachta i gColáiste Phádraig, Má Nuad, agus is dósan a thiomnaigh Micheál a leabhar An Caighdeán Oifigiúil, aistriú na reachtaíochta agus gramadach na téarmaíochta – An Séimhiú ar an ainm briathartha agus ar an ainmfhocal éiginnte sa ghinideach ar lorg ainmfhocail eile, a foilsíodh i 2016.

Gnéithe den Choimriú ba theideal dá mhiontráchtas don Mháistreacht, faoin Ollamh Kim McKone, agus Tairngreachtaí Míchinniúna agus a gCúlra ba theideal dá thráchtas Dochtúireachta – foilsíodh aguisín as sin sa bhliain 2003 in Torann a dheireadh! – Léas ar an eascateolaíocht, ar an mBean Sí agus ar an Lia Fáil. Ghnóthaigh sé scoláireacht taighde ar an bhFoclóir Nua-Ghaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann agus, a bhuíochas ar Chaoilfhionn Nic Pháidín and Éamonn Ó hÓgáin ar fhoireann an fhoclóra sin, ceapadh ina Eagarthóir Cúnta ar an iris Comhar é i 1983, agus ina Eagarthóir air ar ball. Thosaigh sé ag obair mar chóip-eagarthóir ar an nuachtán seachtainiúil Anois i 1986, agus d’fhoghlaim ceird na hiriseoireachta ón Eagarthóir san am, Tomás Mac Síomóin, go ndéana Dia grásta air. Ceapadh é féin ina Eagarthóir ar Anois ar ball. Chomhbhunaigh Antain Mag Shamhráin, Seosamh Ó Murchú agus Micheál an t-irisleabhar Oghma agus, arna scor don fhoilseachán sin ar 10 n‑imleabhar a bheith curtha amach acu, bhunaigh sé an t-irisleabhar An Aimsir Óg i 2000, agus eisean mar eagarthóir air agus Pádraig Ó Snodaigh (Coiscéim) mar fhoilsitheoir.

Micheál was appointed a translator in the Translation Section of the Houses of the Oireachtas in 1992. In response to a circular from the All-Party Oireachtas Committee on the Constitution to civil servants, requesting recommendations for technical amendments to the Constitution based on their experience of that publication, he proposed the study of the Constitution which he subsequently completed – his 760-page Bunreacht na hÉireann: A study of the Irish text was published in 1999 by the Committee, with a foreword by its chairman, the late Brian Lenihan TD. The original contributions by Professor Máirtín Ó Murchú on reading the work in draft were acknowledged by the author on the cover. Micheál subsequently wrote three monographs on various aspects of the Irish text of the Constitution: Bunreacht na hÉireann: Two texts or two constitutions? (2002), Bunreacht na hÉireann: divergences and inconsistencies? / Neamhréireachtaí agus easpa leanúnachais? (2003), and Bunreacht na hÉireann: an téacs Gaeilge arna chaighdeánú (2003).

He was seconded to the Department of Justice in early 2003 to oversee the translation of Rules of Court there, and he subsequently definitively transferred to that Department, where he is currently ‘Irish Language Translator and Project Developer’. He has overseen the preparation for publication by that Department of, inter alia, the official Irish version of the 1986, the 1997 and the 2001 consolidations of the Rules of the Superior Courts (i.e. Rialacha na nUaschúirteanna, 1986), the District Court Rules (i.e. Na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997), and the Circuit Court Rules (i.e. Na Rialacha Cúirte Cuarda, 2001).

Dáta breithe: 19 Aibreán 1959

Scaip an phortráid seo:

I ndlí-eolaíocht bhunreachtúil na Stát Aontaithe …, murab ionann agus dlí-eolaíocht bhunreachtúil na tíre seo, cuirtear béim ar mheon lucht ceaptha an Bhunreachta agus an Bunreacht á léiriú nó á léirmhíniú.[1] Is amhlaidh go bhfuil againn sa téacs Gaeilge den Bhunreacht léiriú ar an mbrí nó ar an meabhair a baineadh as na forálacha sa téacs Béarla i 1936/37. Ní amháin go raibh lámh ag De Valera, ‘ailtire an Bhunreachta’, sa léiriú sin ach foráileadh sa Bhunreacht féin go mbeadh forlámhas ag an léiriú atá le fáil sa téacs Gaeilge sin. Is amhlaidh, mar sin, go bhfuil againn sa téacs Gaeilge den Bhunreacht léiriú atá comh-aimseartha le dréachtadh an Bhunreachta féin ar fhorálacha an Bhunreachta.

Tugtar tacaíocht don téis sin ach Bunreacht 1937 a chur i gcomórtas le Bunreacht Shaorstáit Éireann, 1922. … Roinnt mhaith de na forálacha atá i mBunreacht 1937 bhí siad i mBunreacht 1922 cheana féin. I gcás go leor de na comhchosúlachtaí … tá foclaíocht Bhéarla an dá Bhunreacht díreach mar a chéile agus i gcásanna eile níl ach leasú beag déanta ar an bhfoclaíocht. Ach i gcás an téacs Gaeilge, níor tosaíodh amach leis an aistriúchán Gaeilge ar na hAirteagail sin a bhí i mBunreacht 1922 ach cuireadh leagan nua ar fad ar fáil.

[1] Tugtar ‘teagasc na buntuisceana’ ar an gcur chuige seo leis.

‘Bunreacht na hÉireann: Léas ar an téacs Gaeilge’, in Léachtaí Cholm Cille XXXIII, eag. Ruairí Ó hUiginn, An Sagart, Maigh Nuad (2003), lch 85.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00