Mícheál Ó Brolacháin

Mícheál Ó Brolacháin

Grianghrafadóir: Bill Doyle

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Rugadh Mícheál i Warrington, Sasana. B’as Co. an Dúin dá athair agus b’as Durham, Sasana dá mháthair. Chuir an clann fúthu i Southampton, agus bhí Mícheál naoi mbliana d’aois nuair a bhogadar go Baile Átha Cliath. Ní raibh focal Gaeilge ag a thuismitheoirí ach chuir sé spéis sa teanga mar dhéagóir, agus d’fhoghlaim sé í ar scoil agus i gcoláistí samhraidh – i gConamara agus i dTír Chonaill. Bhíodh sé i gcónaí ag scríobh – dánta i dtosach, i mBéarla agus i nGaeilge, agus ansin gearrscéalta agus úrscéalta. D’fhoilsigh Coiscéim a chéad leabhar, cnuasach gearrscéalta, i 1983. Bhunaigh sé comhlucht foilsiúcháin, Taibhse, i 1984, agus d’fhoilsigh sé leabhair leis féin agus le húdair eile i nGaeilge. Foilsíodh saothar dá chuid ar Raidió na Gaeltachta, RTÉ, Comhar agus The Irish Times.

Phós sé i 1985, agus bhí mac amháin aige, Fiachra. Bhris an pósadh sin i 1994. Chónaigh Mícheál i Hackney, Londain ó 1984-1986, agus chaith sé tréimhsí ina chónaí i Frankfurt na Gearmáine freisin. Scríobh sé i stíl a bhí nua-aimseartha, uirbeach sna 1980í agus 1990í, ag déanamh iniúchadh ar théamaí a raibh spéis ag daoine óga iontu ag an am – liobrálachas gnéasach, comhionannas, féiniúlacht. Agus é óg, bhraith sé na deacrachtaí a bhain le féiniúlacht chine an imirceach – d’fhulaing sé ciníochas de bharr gur ‘Paddy’ é, i Sasana, ach nuair a d’fhill an clann ar Éirinn, caitheadh anuas air mar ‘Brit’. Bhí tuiscint aige freisin ar an gcruatan agus an uaigneas a bhaineann le himirce go minic, agus rinne sé iniúchadh ar na téamaí seo ina dara cnuasach gearrscéalta, Sráid Sicín. Léirigh a chéad úrscéal, Pax Dei, go raibh cumas ann greann a shní le duairceas, agus scéal uafáis suite i dtoghchaí ifreandúil á tharraingt aige. Scríobh Mícheál dhá chnuasach gearrscéalta, Laochra (1983) agus Sráid Sicín (1986); dhá úrscéal do dhaoine fásta: Pax Dei (1985) agus cá bhfuil tú anois (1992); agus úrscéal do pháistí – Gréagóir Goraille (1993).

Mícheál read widely, in Irish and in English. He had a great interest in history, politics, sport and current affairs. He was a member of Freagra, a group of young activists who campaigned for the rights of Irish Language speakers (in the 1970s and 80s), particularly with regard to television programmes through the medium of Irish. Although he came from a comfortable middle-class background, and attended a private school in Monkstown, his politics tended towards the left; he identified with the poor, the down-trodden; he supported the trade-union movement and campaigned for workers rights. He volunteered to work in campaigning for the 1980/81 Hunger Strikers in Northern Ireland during that period.

Mícheál was a gregarious man who could ‘talk with kings - nor lose the common touch’. He was interested in people wherever he met them, or whatever their station in life. He passionately supported Shamrock Rovers, and was actively involved in the supporters club. Mícheál’s books explore themes of loneliness, sexual frustration, gender, emigration, amongst others; he pioneered a modern, urban style in Irish writing, exploring social change in Ireland in the 80s and 90s. Mícheál’s first novel, Pax Dei, is a science-fiction tale exploring globalisation and abuse of power set in a grim, dystopian future, but with a comedic narrative playing counterpoint to the horrors being experienced by the main character, Rurc. He wrote one children’s novel, Gréagóir Goraille, a humourous tale about a gorilla who escaped from a circus, and came to live in the Phoenix Park.

Mícheál died of cancer, following a short illness, on Halloween night 2009.

Dáta breithe: 29 Márta 1960

Dáta báis: 31 Deireadh Fómhair 2009

Scaip an phortráid seo:

Ar an imeall a bhí siad dar le Neain nó béidir sa lár. Deich gcarbhán i bpáirc nocht a bhí lonnaithe idir na sléibhte agus céad línte na dtithe liatha a bhí mar imeall ar an cathair. Bhí na sléibhte ag éirí dubh, fuar, na laethanta seo, agus an geimhreadh ag ruaigeadh an fhómhair.

Bheadh sé dorcha go luath anocht, bhí na scamaill dhubha ag bailiú cheana féin, agus bhí cifle bháistí ag bun na sléibhte. Bhí na soilse sráide bándearg os cionn an débhealaigh ag bun na páirce, taobhshoilse na ngluaisteán ag caochadh a súl tríd an bhfál sceach. Bhí fuacht sa ghaoth.

Bhíodh aighneas i gcónaí idir an dream lonnaithe agus an lucht siúil, ach san áit seo bhí sé ag éirí níos measa. Chaitheadh an dream lonnaithe anuas ort i gcónaí, ach ghlac tú leis sin ón tús. Dhá shlí a bhí ann ná thrasnaigh ar a chéile rómhinic. Níor thuig lucht na dtithe thú, agus ar bhealach, cén fáth go dtuigfeadh? Conas a thuigfeadh duine a chaith a saol i gcarcair bhallaí aoibhneas na saoirse a bhí agatsa agus rothaí fút agus bóthar romhat?

Tugadh stánáil do bheirt de na leaids óga taobh amuigh den siopa sceallóg ar an sean-sráidbhaile oíche amháin. Oíche eile bhí troid taobh amuigh den teach tabhairne san eastát. Mhair an t-aighneas.

Beidh báisteach ann anocht, ar sise léi féin, ag féachaint di ar na carbháin eile timpeall ar a ceann féin, ar na soilse gáis lasta iontu, agus ar na teilíseáin ar siúl iontu. Carbháin nua-aimseartha a bhí iontu ar fad. Ní raibh na cinn arda le feiceáil a thuilleadh. Gluaisteáin, veaineanna, agus leoraithe a bhí acu anois; is annamh a d’fheicfeá capall ná asal. Bhí an saol athraithe ar fad, na fir ag díol agus ag ceannach anois, agus ag bailiú airgid ón rialtas gach Aoine.

Sliocht as an ngearscéal 'Rothaí' ón gcnuasach Laochra (Coiscéim, 1983).

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00