Mícheál Mac Craith

Mícheál Mac Craith

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 14 Iúil 2011

Suíomh: Gaillimh

Rugadh Mícheál Mac Craith sa Lurgain, Co. Ard Mhacha agus chaith sé a óige i gCairlinn agus i nDún Dealgan. Chuaigh se isteach sna Proinsiasaigh tar éis freastal ar an meánscoil i gColáiste San Proinsias, Rinn Mhic Ghormáin. Bhain sé BA agus MA amach sa Léann Ceilteach i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh agus bronnadh Scoláireacht Theach an Ard-Mhéara air sa bhliain 1967. Rinne sé a chuid diagachta sa Róimh agus i Lobháin agus oirníodh ina shagart é sa bhliain 1974. Ceapadh mar léachtóir é i Roinn na Nua-Ghaeilge i nGaillimh sa bhliain 1977 agus bronnadh an dochtúireacht air as taighde a dhéanamh ar fhoinsí iasachta na nDánta Grá. Sa bhliain 2008 bhronn An Chomhairle um Thaighde in Éirinn sna Daonnachtaí agus sna hEolaíochtaí Sóisialta comhaltacht shinsearach air chun bliain a chaitheamh sa Róimh d’fhonn téacs Thaidhg Uí Chianáin ar Imeacht na nIarlaí a scagadh. Is mór aige litríocht an Renaissance, saothar Gaeilge an Leasúcháin Chreidimh idir Chaitliceach agus Phrotastúnach, an Seacaibíteachas, an tOisíneachas agus litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Tá go leor alt scríofa aige sna réimsí seo. Ó d’éirigh sé as léachtóireacht tá sé mar chaomhnóir ar Choláiste San Isidoro sa Róimh.

Mícheál Mac Craith is a Franciscan priest who was Professor of Modern Irish at the National University of Ireland, Galway from 1997 until his retirement in August 2011. He studied in Galway, Rome and Louvain. His books are Lorg na hIasachta ar na Dánta Grá (1989), a study of the foreign influences on Gaelic courtly love poetry, and Ón Oileán Rúin go Rún an Oileáin (1993), a study of the poetry of Máirtín Ó Direáin. He is interested in the Renaissance, Counter-Reformation literature, Jacobitism, Ossianism and contemporary Gaelic literature, and has published extensively in these areas. In 1997 he was awarded a Visiting Fellowship in the Institute for Advanced Studies in the Humanities at the University of Edinburgh. In 2003 he was Visiting Fellow at St Edmund’s College, Cambridge, and Associate Research Fellow at the Department of Anglo-Saxon, Norse and Celtic at the University of Cambridge. In 2008 the Irish Research Council in the Humanities and Social Sciences awarded him a Senior Research Fellowship to investigate the period spent by the exiled earls, O’Neill and O’Donnell, in Rome. He is now Guardian at Collegio San Isidoro in Rome.

Scaip an phortráid seo:

Tógadh dhá chinneadh ag caibidil ghinearálta na bProinsiasach in Toledo sa bhliain 1606 a mbeadh tionchar ollmhór acu ar stair eaglasta agus chultúrtha na hÉireann. Ar an gcéad dul síos, bheartaigh na toscairí feachtas a thionscnamh chun an teagasc faoi Ghiniúint Mhuire gan Smál a chur chun cinn. Ina theannta sin, ceapadh Flaithrí Ó Maoil Chonaire mar phroibhinsial ar Phroinsiasaigh na hÉireann ar an gceathrú lá déag de mhí na Bealtaine. Siúd is gur faoi chaibidil an phroibhinse an ministir proibhinsil a thoghadh de ghnáth, agus d’ainneoin agóid na dtoscairí Éireannacha faoin sárú gnáis, mheas an chaibidil gur thábhachtaí riachtanais an oird ná an ghoilliúnacht logánta agus nár mhiste cúinsí corraithe comhaimseartha na hÉireann a chur san áireamh. Dá bhrí sin, chloígh an chaibidil le ceapachán Uí Mhaoil Chonaire mar an réiteach ab fhearr le leas an oird a dhéanamh in Éirinn ag an am, d’ainneoin go raibh bac air filleadh abhaile agus gurbh éigean dó viocáire a ainmniú thar a cheann.

Mícheál Mac Craith, sliocht as ‘Clár Fichille agus Coinín Baineann Bán: Gaibhniú Féiniúlachtaí sa Róimh sa Seachtú hAois Déag’, in Ríona Nic Congáil, Máirín Nic Eoin et al, Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain Cruthú, Caomhnú agus Athbheochan, Imleabhar I , lch 59, (LeabhairCOMHAR, 2015)