Meidhbhín Ní Úrdail

Meidhbhín Ní Úrdail

Grianghrafadóir: Seán Ó Mainnín

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 10 Samhain 2022

Suíomh: Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann, Sráid Dásain

I gcathair Chorcaí a saolaíodh Meidhbhín, an iníon is sine as cúigear iníon ar fad a bhí ag Roibeárd Ó hÚrdail ó Bhoth Mhicil, Béarra, agus Maeve Dwyer ó Dhún Iomáin, Co. Ros Comáin. I measc na ndaoine is mó a spreag í chun saol acadúil a chaitheamh le léann agus le litríocht na Gaeilge, áiríonn sí a hathair agus Seán Ó Coileáin ar an ollscoil i gCorcaigh, agus Hildegard Tristram in Ollscoil Freiburg. Bronnadh céadonóracha agus an chéad áit uirthi i mbliain a céime BA onóracha (Gaeilge agus Béarla) i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus is ansan, leis, a bhain sí céadonóracha amach ina cúrsaí iarchéime (Ardteastas san Oideachas; MA sa Nua-Ghaeilge). Chrom sí ar dhochtúireacht sa Léann Ceilteach in Ollscoil Freiburg ina dhiaidh sin agus, ar fhilleadh go hÉirinn di, bhí sí fostaithe mar léachtóir le Sean- agus Nua-Ghaeilge san alma mater aici i gCorcaigh. I 1998, ceapadh mar léachtóir le Nua-Ghaeilge í sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar a bhfuil sí anois ina hollamh. Údar áitithe is ea í ar oidhreacht lámhscríbhinní Gaeilge an ochtú agus an naoú céad déag. I measc na leabhar atá foilsithe aici mar údar aonair tá The Scribe in Eighteenth- and Nineteenth-Century Ireland: Motivations and Milieu (Nodus Publikationen, 2000), Cath Cluana Tarbh. ‘The Battle of Clontarf’, imleabhar 64 i sraith Chumann na Scríbheann nGaedhilge (2011), agus Pádraig Ó Laoghaire (1870–1896): an Irish Scholar from the Béarra Peninsula a d’fhoilsigh Cumann Staire Bhéarra (2021). Ghnóthaigh gach ceann acu seo Duais Foilseacháin Scolártha ar Ardchaighdeán Acadúil ó Ollscoil na hÉireann. Toghadh Meidhbhín ina ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann i Márta 2021, an gradam acadúil is airde in Éirinn, as an sárobair scolártha atá curtha i gcrích aici ar son na nDaonnachtaí.

The eldest of five daughters, Meidhbhín was born in Cork city to Roibeárd Ó hÚrdail from Bofickil on the Béarra Peninsula and Maeve Dwyer from Dunamon, Co. Roscommon. Among those who had a seminal influence on her in choosing an academic career in the field of Irish learning and literature, she counts her father and Seán Ó Coileáin in the university in Cork, and Hildegard Tristram at the University of Freiburg. She was awarded first-class honours and first place in her BA degree (Irish and English) at University College Cork where she also achieved first-class honours in her subsequent postgraduate courses (H. Dip. Ed.; MA in Modern Irish). She went on to complete a doctorate in Celtic Studies in the University of Freiburg and, on returning to Ireland, took up a post as a lecturer in Old and Modern Irish in her alma mater in Cork. In 1998, she was appointed lecturer in Modern Irish in University College Dublin and subsequently professor. An established authority on the Irish manuscript heritage of the eighteenth and nineteeenth centuries, her monographs as sole author include The Scribe in Eighteenth- and Nineteenth-Century Ireland: Motivations and Milieu (Nodus Publikationen, 2000), Cath Cluana Tarbh. ‘The Battle of Clontarf’, volume 64 in the Irish Texts Society series (2011), and Pádraig Ó Laoghaire (1870–1896): an Irish Scholar from the Béarra Peninsula which was published by Beara Historical Society (2021). The National University of Ireland awarded her with a substantial grant for each of these as part of its Grant towards Scholarly Publications Scheme. Meidhbhín was elected a member of the Royal Irish Academy in March 2021, the highest academic honour in Ireland, for her outstanding scholarly contribution to the Humanities.

Scaip an phortráid seo:

I measc na mbailiúchán lámhscríbhinní Gaeilge atá ar buanchoimeád sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tá naoi gcinn déag ar fhichid a bhí tráth dá raibh i seilbh Phádraig Feiritéar, alias ‘An Síogaidhe Infhiúchtach’. Rugadh ár bPádraig ar an mBaile Uachtarach i gCorca Dhuibhne ar 10 Márta 1856, chuaigh sé ar imirce go Meirice i dtreo dheireadh Eanair 1895 agus cailleadh i Chicago é ar 21 Iúil 1924. Thug sé leis ó Éirinn a raibh de lámhscríbhinní cheana féin aige agus chuir sé leis an méid sin thall, ag leanúint air de bheith ag breacadh lámhscríbhinní agus ag bailiú breis eile fós díobh ó imircigh éagsúla a thug an cuan amach leo iad go dtí an Domhan Nua. Sarar cailleadh é, shocraigh sé go mbronnfaí a raibh ina sheilbh ar Ollscoil na hÉireann mar chomhartha buíochais agus ómóis as cinneadh Sheanad na hOllscoile go mbeadh an Ghaeilge éigeantach sa Mháithreánach – stádas a tugadh di i mbliain a 1913. Tharla sé sin a bhuí le Dubhghlas de hÍde, Ollamh le Teanga agus le Litríocht na Nua-Ghaeilge (1909–32) sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a chuir rún fé bhráid an tSeanaid á mholadh san. Bhí sé mar choinníoll ag fear Iarthar Duibhneach, dá réir, gurbh i gColáiste Bhaile Átha Cliath a bheadh a chuid lámhscríbhinní ar sábháil.

Meidhbhín Ní Úrdail, ‘Deascán ó Chorca Dhuibhne agus ó Chairbre i mBailiúchán Lámhscríbhinní an Fheiritéaraigh’, in Kelly Fitzgerald, Bairbre Ní Fhloinn, Meidhbhín Ní Úrdail agus Anne O’Connor, eag., Life, Lore and Song: Essays in Irish Tradition in Honour of Ríonach uí Ógáin. ‘Binneas an tSiansa’: aistí in onóir do Ríonach uí Ógáin (Four Courts Press, 2019), lch 77.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00