Máirtín Ó Murchú

Máirtín Ó Murchú

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 21 Meitheamh 2011

Suíomh: Bré, Co. Chill Mhantáin

Ollamh sinsearach (emeritus) agus Iar-Stiúrthóir Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath is ea Máirtín Ó Murchú. Bhí sé ina ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath roimhe sin. Ceannródaí i léann na soch-theangeolaíochta i dtaca leis an nGaeilge is ea é, agus d'fhoilsigh an bunsaothar tagartha Urlabhra agus Pobal (Comhairle na Gaeilge, 1971). Is iomaí alt agus leabhar atá scríofa aige i bhfearainn na teangeolaíochta agus na sochtheangeolaíochta ó shin. D'fhoilsigh Cois Life a shaothar ar luathghluaiseacht na Gaeilge, Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge: Tús an Athréimnithe (2001). 

Máirtín Ó Murchú is a senior professor (emeritus) and past director of the School of Celtic Studies in the Dublin Institute for Advanced Studies. He was previously professor of Irish in Trinity College Dublin. A pioneer in the introduction of sociolinguistics to Irish studies, he published Language and Community in 1971. He continued to publish in this field. In 2001 Cois Life published his study of the beginnings of the Irish language movement Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge: Tús an Athréimnithe

Scaip an phortráid seo:

Is í an fhírinne ina dhiaidh sin nach fios óna bhfuil den taifead scrúdaithe cár saolaíodh Eoghan Ó Caoimh, ná cá raibh gnáthchónaí air sular aistrigh sé ina shagart paróiste go Dún ar Aill. Ach níl aon chúis nach mbainfeadh sé óna óige le hoirthear Chiarraí, timpeall Bhrosnaí, nó le hiardheisceart Chontae Luimnigh, timpeall Mhainistir na Féile. Cé nach cóir brí róchinnte a thabhairt dá leithéid de chiúta magaidh, ní miste a lua gurbh é a thug Uilliam Mac Cairteáin ina bhréag-scallaoid air ná ‘sean-scolóigín drannach leath-íseal ó iarthar Éireann’. Dá dtarlódh bunús fírinne ann, áfach, níor dhócha gur dheacra ar Eoghan, agus é i mbun a shaothair léinn, taisteal ó áit éigin san iarthar, thart ar Mhainistir na Féile, go Dún Ciaráin, go Múscraí, go Dúiche Ealla, agus go Corcaigh féin, ná a thuras a thabhairt sa treo eile ó chomharsanacht Chorcaí. Cibé treo a mbeadh a thriall, áfach, ní féidir nach fáilte mhór a bheadh i gcónaí roimhe, mar gheall ar a shinsearacht oirirc, ag an lucht éigse sna triúcha thart ar Chorcaigh. Níl amhras ná go raibh aithne mhaith agus meas air ina dhúthaigh shinseartha. Bhí dlúthchaidreamh ar fhilí Chorcaí aige; ba chara dílis dó Uilliam Mac Cairteáin, arbh é athair baistí Airt [mac Eoghain] é, de réir na faisnéise a thug Mícheál Óg Ó Longáin; bhí tacaíocht dhiongbháilte le fáil aige ó Easpag Chorcaí, Chluana agus Rois, Eoin Baiste Mac Sleighne.

Máirtín Ó Murchú, sliocht as ‘Eoghan Ó Caoimh agus a mhuintir’ a foilsíodh i Séimhfhear Suairc: aistí in ómós don ollamh Breandán Ó Conchúir, lgh 723-32 (An Sagart, 2013)

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00