Máirín Nic Eoin

Máirín Nic Eoin

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 28 Deireadh Fómhair 2011

Suíomh: Baile Átha Cliath

Tá Máirín Nic Eoin ina hOllamh Uí Chriagáin le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach/Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is scoláire Nua-Ghaeilge í a bhfuil spéis taighde aici i stair agus i socheolaíocht na litríochta, agus i bhforbairt modhanna critice atá oiriúnach d’fhoirmeacha agus do théamaí na litríochta i dteanga mhionlaithe. Ar na foilseacháin is tábhachtaí dá cuid, tá: An Litríocht Réigiúnach (An Clóchomhar, 1982); Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar (An Clóchomhar, 1988); B’Ait Leo Bean: Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge (An Clóchomhar, 1998); agus Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (Cois Life, 2005). Bhí sí ina heagarthóir nó ina comheagarthóir ar thrí dhíolaim liteartha agus ar chúig leabhar acadúil. Tá aistí critice léi ar ghnéithe éagsúla de nualitríocht na Gaeilge foilsithe in irisí scolártha agus i leabhair éagsúla.

Máirín Nic Eoin is Cregan Professor of Irish in St Patrick’s College, Drumcondra/Dublin City University. Her research interests include the history and sociology of literature and the development of critical approaches suited to the forms and themes of literature in a minoritised language. Her most important publications include: An Litríocht Réigiúnach (An Clóchomhar, 1982); Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar (An Clóchomhar, 1988); B’Ait Leo Bean: Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge (An Clóchomhar, 1998); and Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (Cois Life, 2005). She was editor or co-editor of three literary volumes and five academic books. Critical essays by her on many aspects of modern Irish-language literature have been published in various scholarly journals and books. 

Scaip an phortráid seo:

Cad atá le baint ag mná na haoise seo as an bhfianaise seo go léir? Más róleiseamláirí láidre atá uathu, mórscríbhneoirí cáiliúla mná ar mhúnla na mórscríbhneoirí fireanna, beidh díomá orthu. Más leor leo an fhianaise go raibh na healaíona cruthaitheacha i gcónaí á saothrú ag mná – cé gur beag an t-aitheantas poiblí a fuair a saothair – b’fhéidir go dtabharfaidh an méid sin spreagadh dóibh a ngort féin a threabhadh anois i gcomhthéacs sóisialta atá níos saoire agus níos oscailte do mhná i gcoitinne. D’fhéadfadh siad misneach a ghlacadh ó shampla na mban a bhfuil eolas éigin againn orthu, nó d’fhéadfadh siad dúshlán an traidisiúin a thabhairt agus tosú as an nua le pár glan.

Máirín Nic Eoin, sliocht as an gConclúid de B’ait Leo Bean: Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00