Máirín Nic Eoin
Seánraí: Eagarthóir, Léirmheastóir, Scríbhneoir acadúil
Tá Máirín Nic Eoin ina hOllamh Uí Chriagáin le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach/Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is scoláire Nua-Ghaeilge í a bhfuil spéis taighde aici i stair agus i socheolaíocht na litríochta, agus i bhforbairt modhanna critice atá oiriúnach d’fhoirmeacha agus do théamaí na litríochta i dteanga mhionlaithe. Ar na foilseacháin is tábhachtaí dá cuid, tá: An Litríocht Réigiúnach (An Clóchomhar, 1982); Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar (An Clóchomhar, 1988); B’Ait Leo Bean: Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge (An Clóchomhar, 1998); agus Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (Cois Life, 2005). Bhí sí ina heagarthóir nó ina comheagarthóir ar thrí dhíolaim liteartha agus ar chúig leabhar acadúil. Tá aistí critice léi ar ghnéithe éagsúla de nualitríocht na Gaeilge foilsithe in irisí scolártha agus i leabhair éagsúla.
Máirín Nic Eoin is Cregan Professor of Irish in St Patrick’s College, Drumcondra/Dublin City University. Her research interests include the history and sociology of literature and the development of critical approaches suited to the forms and themes of literature in a minoritised language. Her most important publications include: An Litríocht Réigiúnach (An Clóchomhar, 1982); Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar (An Clóchomhar, 1988); B’Ait Leo Bean: Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge (An Clóchomhar, 1998); and Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (Cois Life, 2005). She was editor or co-editor of three literary volumes and five academic books. Critical essays by her on many aspects of modern Irish-language literature have been published in various scholarly journals and books.