Máire Zepf

Máire Zepf

Grianghrafadóir: Caoimhín Ó Peatáin

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 28 Feabhra 2019

Suíomh: Campas Ollscoil na Ríona, Béal Feirste

Is údar í Máire Zepf a scríobhann leabhair don aos óg. Tá dhá leabhar déag scríofa aici go dtí seo, idir phictiúrleabhair do na leitheoirí is óige, úrscéalta staire agus Nóinín — an chéad úrscéal véarsaíochta sa Ghaeilge do dhéagóirí. Chruthaigh sí sraith faoi charachtar bríomhar d’arbh ainm Rita (An tSnáthaid Mhór) i bpáirt le maisitheoir, Andrew Whitson. I 2015, d’fhoilsigh Futa Fata Ná Gabh ar Scoil! maisithe ag Tarsila Kruse. Tá an leabhar sin aistrithe anois go seacht dteanga ar fud an domhan, agus bhuaigh sé duais Gradam Leabhar na Bliana de chuid Chumann Litearthachta na hÉireann agus Gradam IBBY. Tá duais ficsin an Oireachtais bainte aici faoi dhó (do Lá Leis na Lochlannaigh i 2015 agus do Nóinín i 2018).

Is aistritheoir í Máire chomh maith a bhfuil pictiúrleabhair aistrithe go Gaeilge aici d’Oliver Jeffers (Anseo Atá Muid, Futa Fata, 2018), Malachy Doyle (Muireann agus an Fharraige Fhiáin, An tSnáthaid Mhór, 2018) agus Torben Kuhlmann (Lindbergh: Scéal Luchóige a d’Eitil, Futa Fata, 2017).

Ceapadh Máire mar an chéad Chomhalta Scríbhneoireachta do Pháistí don Tuaisceart i 2017 agus tá sí lonnaithe in Ionad Filíochta Seamus Heaney in Ollscoil na Ríona. Bíonn sí gnóthach ag reáchtáil ceardlanna do pháistí bunaithe ar a cuid leabhar — ag féilte litríochta, i scoileanna agus i leabharlanna ar fud na tíre.

Myra Zepf is the first Children’s Writing Fellow for Northern Ireland, based at the Seamus Heaney Centre for Poetry at Queen's University Belfast. The Co. Down author has written 12 books for children, including picture books, historical fiction and the first verse novel in Irish (Nóinín, Cois Life, 2019). Together with illustrator Andrew Whitson, she has created a picture book series based on the character ‘Rita’ (An tSnáthaid Mhór). Her picture book with illustrator Tarsila Kruse Ná Gabh ar Scoil! (Futa Fata, 2015) has been translated into 7 different languages, including English as Don’t Go to School! (Futa Fata, 2018) and has been awarded an IBBY Honour Award and a Children’s Book Award from the Literacy Association of Ireland. Máire is a two-time winner of the Oireachtas Award for fiction for Lá Leis na Lochlannaigh and Nóinín. Máire has also a translated books to Irish for Oliver Jeffers, (Anseo Atá Muid, Futa Fata, 2018), Malachy Doyle (Muireann agus an Fharraige Fhiáin, An tSnáthaid Mhór, 2018) and Torben Kuhlmann (Lindbergh: Scéal Luchóige a d’Eitil, Futa Fata, 2017).

As Children’s Writing Fellow, she is on a sworn mission to inspire children to write their own stories.

Dáta breithe: 1976

Scaip an phortráid seo:

An boladh a bhuail ar dtús iad. Ba dheacair an t-aer tiubh a shú isteach, bhí sé chomh bréan is chomh plúchta le toit. D’aithin siad boladh feirme, idir ainmhithe agus aoileach, agus iasc — lofa agus úr — chomh maith le taise, deatach, agus feoil á róstadh ar thine. Ach bhí bolaithe coimhthíocha le mothú chomh maith — bolaithe géara gránna a bhain le tinneas is le bréantas. Tháinig taom casachta ar Chormac a chuir a shúile ag sileadh le deora. Chlúdaigh Brídín a béal lena lámha, le nach mbeadh an boladh bréan le blaiseadh aici.

‘Cá bhfuilimid?’ arsa Cormac, leath ag casacht, leath ag caint, ‘tá sé seo cosúil le hifreann.’

Ghlac sé cúpla céim siar, ag dúil leis an doras draíochta a aimsiú arís agus éalú, ach tharla ‘Crais! Clis! Clang!’ go grod in aice leo.

‘Gasta! Taobh thiar den sconsa!’ arsa Brídín ag tarraingt Chormaic go tobann.

Chuala siad scairteach agus gnúsacht gharbh i dteanga nár thuig siad. Ansin tháinig an bualadh arís, ‘Clis! Clis! Clang!’ Bhí troid fhíochmhar ar siúl díreach in aice leo.

Chuir Cormac a chloigeann ina lámha.

‘Seo é, táimid chun bás a fháil, go gruama pianmhar!’

‘Shhh!’ arsa Brídín, ‘níl iontu ach páistí cosúil linn féin.’ Bhí a súil caochta aici chun amharc trí bhearna bheag sa chlaí.
‘Amharc go bhfeicfidh tú.’

As Lá Leis na Lochlannaigh (Cois Life, 2016), lgh 9–10.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00