Máire Nic Mhaoláin

Máire Nic Mhaoláin

Grianghrafadóir: Ronan Doherty

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 27 Iúil 2017

Suíomh: Páirc Chill Iníon Léinín, Co. Átha Cliath

Malairt portráide: Portráid

In aice le Dún Pádraig i gCo. an Dúin a rugadh agus a tógadh Máire Nic Mhaoláin. Ar an mheánscoil i mBaile na hInse a d’fhoghlaim sí Gaeilge ar dtús. Ghnóthaigh sí céim onóracha sa Léann Ceilteach ar Ollscoil na Ríona in 1965, mar aon le scoláireachtaí taighde. Theagasc sí teangacha tamall i mBéal Feirste agus i Lios na gCearrbhach sular ceapadh ina taighdeoir í in Institiúid Teangeolaíochta Éireann. Fuair sí post ansin mar eagarthóir sa Ghúm, áit ar chaith sí bunús a saoil oibre ag plé le foclóireacht, téarmaíocht agus foilseacháin ilchineálacha Gaeilge. Ar na saothair sin bhí an Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill) agus an Foclóir Póca. D’oibrigh sí in Ollscoil Uladh fosta ar mhórthogra foclóireachta. Chuir sí an Bunfhoclóir Gaeilge-Béarla in eagar ó shin i bpáirt le hEoghan Mac Aogáin. Ar na leabhair a d’aistrigh sí tá úrscéalta agus cnuasach gearrscéalta ó Iodáilis (An Mháthair, Dialann Seansagairt, Éanlaith Fhra Angelico, Dormitio Virginis, agus I mBeagán Focal) agus cúpla gearrscéal a foilsíodh ar Ogham 2 agus 5. Foilsíodh trí leabhar do dhéagóirí a d’aistrigh sí ó Bhreatnais, móide cúpla ceann d’fhoghlaimeoirí fásta. Le cois roinnt pictiúrleabhar ó Fhraincis, chuir sí Gaeilge ar an chéad leabhar de shraith Harry Potter agus Artemis Fowl, agus ar Under the Hawthorn Tree (Faoin Sceach Gheal). Scríobh sí dhá bhunleabhar fosta ar athinsint ar sheanscéalta iad. Bíonn dánta agus ábhar eile uaithi ar na hirisí Gaeilge, agus tá cuid mhaith duaiseanna Oireachtais buaite aici thar na blianta.

A native of Downpatrick Co. Down, Máire Nic Mhaoláin first encountered Irish at school in Ballynahinch. She undertook Celtic Studies at QUB as well as Latin and French, gaining an honours degree in 1965 with scholarships to research Early Irish prose. She taught in Belfast and Lisburn before being appointed research assistant in the Linguistic Institute of Ireland, and subsequently took up a permanent post as editor in An Gúm, with responsibility for lexicography (including Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill) and Foclóir Póca), terminology and general publications in Irish. She was later employed on Ulster University’s major lexicography project, and on smaller dictionaries in the Collins range. Most recently she co-edited Bunfhoclóir Gaeilge-Béarla with Eoghan Mac Aogáin. She has taught a literary translation module at DCU, and served on various boards and committees relating to literature and translation. Her own translations include a number of literary works from Italian, several novels for teens and adult learners from Welsh, and picture books for younger children from French. From English, she translated the first Harry Potter book and the first Artemis Fowl book, as well as Under the Hawthorn Tree. She has contributed poems (original and in translation) and other items to Irish-language journals over the years, and has published two modern Irish versions of older tales. Her literary work has won a number of awards.

Dáta breithe: 1942

Áit bhreithe: Dún Pádraig, Co. an Dúin

Scaip an phortráid seo:

Ba bhean de chuid an Deiscirt thú, tú dubh ó shúile is ó ghruaig, taithíoch ar dhúiche gheal ghrianmhar agus muilte gaoithe bána mar mhuilte Dhon Quixote scaipthe tríthi. Dán duit tearmann ar mhachairí móra an Oirthir, mar a scoilteann an sioc geimhridh an talamh agus croí an duine. Bhí an-ghuth cinn agat agus uchtach cainte, na siollaí laideanta ag teacht mar a bheadh smeachanna méire ann; teanga í sin agat a bhí in oiriúint do na giotáir, agus do scléip na saoire i measc na n-oráisteog, agus do chomhrac an chró mar a dtugann fir chalma dhíchéillí slán faoin mbeithíoch. Briotach ar do bhéal í teanga na steipeanna, ach ní mór duit í a tharraingt chugat in ionad do theanga féin. Bronnfar bonn ort, agus gach aon bhliain i dtús na Bealtaine beidh tú suite ar stáitse ard agus fir thostacha faoina gcuid bonn míleata féin taobh leat, tú ag breathnú ar na cipí saighdiúirí ag dul tharat, iad gléasta don ócáid, agus an ghaoth ag síobadh na meirgí dearga, agus ag scaipeadh nótaí glóracha an cheoil mhíleata atá á scaoileadh trí na meigeafóin. Seansaighdiúir thú, agus árasán agat dá réir, foirgneamh coincréite in íoc na laochtachta.

Éanlaith Fhra Angelico, 1987 (Coiscéim) lch 17–18

(as ‘Litir ó Mhademoiselle Lenormand, bean léite na gcártaí, chuig Dolores Ibarruri, réabhlóidí’)

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00