Máire Ní Annracháin

Máire Ní Annracháin

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 2 Nollaig 2011

Suíomh: Baile Átha Cliath

Is Ollamh le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, í Máire Ní Annracháin ó 2009, agus roimhe sin chaith sí blianta ag léachtóireacht in Ollscoil Mhá Nuad. Tá spéis aici sa teoiric liteartha agus i nualitríocht Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban araon. Ar fhilíocht Shomhairle MhicGill-Eain a bunaíodh a tráchtas dochtúireachta, a foilsíodh faoin teideal Aisling agus Tóir: an Slánú i bhfilíocht Shomhairle MhicGill-Eain (An Sagart, 1992). Tá os cionn leathchéad alt acadúil scríofa aici agus roinnt imleabhar curtha in eagar aici féin nó i gcomhar le comheagarthóirí. Baineann na hailt is deireanaí léi le leanúnachas an traidisiúin liteartha agus le teanga fhíortha fhilíocht na Gaeilge. Tá comhaltachtaí taighde gnóthaithe aici in Éirinn, in Albain agus i Sasana a thacaigh léi in a cuid taighde, agus tá tréimhsí taighde caite aici i bPáras, i nDún Éideann, ar an Oileán Sgitheanach agus i Londain. Chaith sí roinnt blianta ina cathaoirleach ar Glór na nGael, ina ball de choiste stiúrtha Shabhal Mòr Ostaig in Albain agus de Choimisiún na Logainmneacha. Tá beirt pháistí tógtha aici féin agus ag a fear céile.

Máire Ní Annracháin is Professor of Modern Irish in University College Dublin since 2009, before which she lectured for many years in Maynooth University. Her main academic interests are literary theory and modern literature in Irish and Scottish Gaelic. Her Ph. D. thesis was on the poetry of Sorley McLean, published as Aisling agus Tóir: an Slánú i bhfilíocht Shomhairle MhicGill-Eain. She has written more than fifty academic articles and has edited academic publications in collaboration with colleagues from Ireland and Scotland. Her most recent articles relate to the resilience of the Gaelic literary tradition and to figurative language in Irish and Scottish Gaelic poetry. Her research has been supported by fellowships from Ireland, Scotland and England; she has spent periods of research in Paris, Edinburgh, the Isle of Skye and London. She spent a number of years as Chair of Glór na nGael, on the board of governors of Sabhal Mòr Ostaig in Scotland and on the Irish Placenames Commission. She is married with two adult children.

Dáta breithe: 1955

Áit bhreithe: Baile Átha Cliath

Scaip an phortráid seo:

Ba dheacair an pholaitíocht a fhágáil go creidiúnach as an áireamh agus muid ag machnamh ar an bhfiúntas daonna. Is beag is fiú aon fhéiniúlacht nach ndearbhaítear go polaitiúil ar bhealach amháin nó a chéile. Ní hannamh ról lárnach ag an litríocht sa ghnó seo. Ceist bhunúsach a chuirtear nuair a bhíonn éileamh ag teanga nó canúint ar ardstádas, an bhfuil litríocht sa teanga nó sa chanúint sin. Ní raibh amhras ar lucht Athbheochan na Gaeilge ina thaobh, ná ar náisiúnaithe eile na hEorpa sa naoú haois déag. . . . Táthar ann i saol na Gaeilge a déarfadh go bhféadfaí an teanga agus an litríocht a scaradh ó chéile, agus an teanga a mhaolú ina stór focal scáinte, córas fuaimeanna an Bhéarla, deilbhíocht simplithe as éadan agus corr-iarsma comhréire. Lean an bóthar sin agus is gearr nach mbacfaidh muid leis an mbriathar a chur ag tús na habairte. Cad as an cúlú ó dhúchas na teanga? Ar an gcuid is fearr de, is léir gur le teann tiomantacht iarchoilíneach d’Éirinn nua a chuirtear ‘Gaeilge nua’ chun cinn, tiomantacht d’Éirinn nua-aimseartha, Éire nach bhfuil cuimhne aici ar an gcruach mhóna is ar an gcarn aoiligh ar bhog muid amach uathu fadó. Ach is tiomantacht í a bheas priaclach mura mbeidh sí sách cruthaitheach ina hagallamh leis an traidisiún.

Máire Ní Annracháin, sliocht as ‘Peann, Céachta: Cad is Fiú an litríocht a mhúineadh?’ in Ní Dhonnchadha, A. (eag.) Léachtaí Cholm Cille XLII, (An Sagart, 2012)