Liam Mac Mathúna

Liam Mac Mathúna

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 19 Eanáir 2011

Suíomh: Baile Átha Cliath

Tá Liam Mac Mathúna ina Ollamh Emeritus le Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a raibh sé ina Cheann ar Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, 2006–2013. Bhí sé ina léachtóir roimhe sin in Ollscoil Uppsala agus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, mar a raibh sé ina Chláraitheoir ó 1995 go 2006. Ar na saothair iomadúla atá foilsithe aige ar theanga, ar litríocht agus ar chultúr na Gaeilge tá Dúchas agus Dóchas: Scéal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath (Glór na nGael, 1991), Béarla sa Ghaeilge. Cabhair Choigríche: An Códmheascadh Gaeilge/Béarla i Litríocht na Gaeilge 16001900 (An Clóchomhar, 2007), agus eagrán nua de Séadna (Cois Life, 2011), úrscéal ceannródaíoch an Athar Peadar Ua Laoghaire. Tá sé ina eagarthóir ar Éigse: A Journal of Irish Studies (Ollscoil na hÉireann). Tá sé ag gabháil do staidéar ar an gciorcal scoláirí a bhí sa timpeall ar mhuintir Neachtain i mBaile Átha Cliath, 1700–1750, agus ar dhialanna Dhúbhglais de h-Íde, 1874–1912, mar chuid de thionscadal níos leithne taighde ar thionchar na nua-aoiseachta ar phobail na Gaeilge.

Liam Mac Mathúna is Professor Emeritus of Irish at University College Dublin, where he was Head of the School of Irish, Celtic Studies, Irish Folklore and Linguistics, 2006–2013. He previously lectured at Uppsala University and St Patrick’s College, Drumcondra, where he was Registrar from 1995 to 2006. His extensive publications on Irish language, literature and culture include Dúchas agus Dóchas: Scéal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath (Glór na nGael,1991), Béarla sa Ghaeilge. Cabhair Choigríche: An Códmheascadh Gaeilge/Béarla i Litríocht na Gaeilge 16001900 (An Clóchomhar, 2007), a study of Irish/English code-mixing in literature composed in Irish 1600–1900, and a new edition of An tAthair Peadar Ua Laoghaire’s ground-breaking novel, Séadna (Cois Life, 2011). He is editor of Éigse: A Journal of Irish Studies, which is published by the National University of Ireland. He is currently engaged in a study of the Ó Neachtain circle of Irish-language scholars in Dublin, 1700–1750, and the diaries of Douglas Hyde, 1874–1912, as part of a wider project researching the impact of modernity on Irish-speaking communities.

Scaip an phortráid seo:

Níorbh fhada gur imigh idé-eolaíocht na hAthbheochana i bhfeidhm ar cheapadóireacht na gcainteoirí dúchais Gaeilge, sna Blascaodaí chomh maith le háit, i dtreo is gur tháinig deireadh obann, más deireadh sealadach féin é, leis an nglacadh a bhí le Béarla sa Ghaeilge. Is follas seo ach comparáid a dhéanamh idir saothar Sheáin Uí Dhuinnshléibhe agus leagan amach Thomáis Uí Chriomhthain, a bhí glúin níos óige ná é. Bhí ábhar Béarla ag Ó Duinnshléibhe, an file a bhí ina shea san Oileán sa dara leath den 19ú haois, le linn do Thomás a bheith ina fhear óg, agus tá a fhios againn nár mhiste leis focail Bhéarla a thabhairt isteach ina chuid filíochta. … A mhalairt de leagan amach a bhí ag Tomás Ó Criomhthain: d’fhéach seisean leis an mBéarla a sheachaint d’aon ghnó. Tá a fhios againn óna bhéal féin go ndeachaigh dúil Carl Marstrander sa Ghaeilge íonghlan, nach mbeadh aon Bhéarla tríthi, i bhfeidhm go mór air. … Tá íoróin áirithe ag baint le lámh chúnta bheith á tabhairt ag scoláire ó Chríoch Lochlann don ghluaiseacht náisiúnta chun cur i gcoinne na cabhrach coigríche a bhí faighte ag an nGaeilge ón mBéarla, cabhair choigríche a d’úsáid aos léinn na nGael d’fhonn grinn agus chun magadh faoi institiúidí agus faoi oifigigh an chinsil.

Liam Mac Mathúna, sliocht as Béarla sa Ghaeilge. Cabhair Choigríche: An Códmheascadh Gaeilge/Béarla i Litríocht na Gaeilge 1600–1900, lgh 266–268 (An Clóchomhar, 2007)