Liam Mac Mathúna
Seánraí: Scríbhneoir acadúil
Tá Liam Mac Mathúna ina Ollamh Emeritus le Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a raibh sé ina Cheann ar Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, 2006–2013. Bhí sé ina léachtóir roimhe sin in Ollscoil Uppsala agus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, mar a raibh sé ina Chláraitheoir ó 1995 go 2006. Ar na saothair iomadúla atá foilsithe aige ar theanga, ar litríocht agus ar chultúr na Gaeilge tá Dúchas agus Dóchas: Scéal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath (Glór na nGael, 1991), Béarla sa Ghaeilge. Cabhair Choigríche: An Códmheascadh Gaeilge/Béarla i Litríocht na Gaeilge 1600–1900 (An Clóchomhar, 2007), agus eagrán nua de Séadna (Cois Life, 2011), úrscéal ceannródaíoch an Athar Peadar Ua Laoghaire. Tá sé ina eagarthóir ar Éigse: A Journal of Irish Studies (Ollscoil na hÉireann). Tá sé ag gabháil do staidéar ar an gciorcal scoláirí a bhí sa timpeall ar mhuintir Neachtain i mBaile Átha Cliath, 1700–1750, agus ar dhialanna Dhúbhglais de h-Íde, 1874–1912, mar chuid de thionscadal níos leithne taighde ar thionchar na nua-aoiseachta ar phobail na Gaeilge.
Liam Mac Mathúna is Professor Emeritus of Irish at University College Dublin, where he was Head of the School of Irish, Celtic Studies, Irish Folklore and Linguistics, 2006–2013. He previously lectured at Uppsala University and St Patrick’s College, Drumcondra, where he was Registrar from 1995 to 2006. His extensive publications on Irish language, literature and culture include Dúchas agus Dóchas: Scéal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath (Glór na nGael,1991), Béarla sa Ghaeilge. Cabhair Choigríche: An Códmheascadh Gaeilge/Béarla i Litríocht na Gaeilge 1600–1900 (An Clóchomhar, 2007), a study of Irish/English code-mixing in literature composed in Irish 1600–1900, and a new edition of An tAthair Peadar Ua Laoghaire’s ground-breaking novel, Séadna (Cois Life, 2011). He is editor of Éigse: A Journal of Irish Studies, which is published by the National University of Ireland. He is currently engaged in a study of the Ó Neachtain circle of Irish-language scholars in Dublin, 1700–1750, and the diaries of Douglas Hyde, 1874–1912, as part of a wider project researching the impact of modernity on Irish-speaking communities.