Leon Ó Broin

Leon Ó Broin

Grianghrafadóir: Bill Doyle

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Bhí páirt lárnach aige in An Gúm ag tráth a bunaithe agus d'aistrigh sé leabhair ar nós An fuadach, 1931. Ar an gcorpas fairsing saothar a d'fhoilsigh sé bhí Ag Stracadh leis an Saol agus Scéalta eile, 1929; An Mhallacht agus drámaí eile, 1931; beathaisnéisí ar Pharnell, Roibeárd Emmet, agus saothair staire ar nós Comhcheilg sa Chaisleán, 1963. Meas air mar státseirbhíseach: ina rúnaí príobháideach ag beirt Aire Airgeadais; ina Choimisinéir Réigiúnda, 1940; lárnach i bhforbairt Raidió Éireann ó 1947. 

Leon Ó Broin played a key role in An Gúm at the time of its founding. He translated works such as An fuadach, 1931. Some of his many published works include Ag Stracadh leis an Saol agus Scéalta eile, 1929; An Mhalltacht agus Drámaí eile, 1931; the biographies of Parnell, Robert Emmet, and historical publications such as Comhcheilg sa Chaisleán, 1963. A highly regarded civil servant, he served as a private secetary to two Ministers for Finance, as a Regional Commissioner in 1940 and played a leading role in the development of Raidió Éireann from 1947. 

Dáta breithe: 10 Samhain 1902

Áit bhreithe: Sráid Aungier, Baile Átha Cliath

Dáta báis: 26 Feabhra 1990

Naisc: Beatha ar Ainm.ie »

Scaip an phortráid seo:

“Ag spiaireacht orm a bhís a shuaracháin? Nach fíor dhom é? Ag spiaireacht orra-seo,” agus do bhagair an Dochtúir ar na páipéirí a bhí sgaipithe soir siar ar fuaid an urláir.

D’fhéach Fernkhorn orra. Níor thug sé orra ach strac-fhéachaint ach ní fhéadfadh sé tábhacht a gcáipéisí úd a dhí-mheas go n-a mbandaí dearga trasna orra ó imeall go himeall. Bannaí Stáit a b’eadh iad: Bannaí ionaistrithe Stáit — agus annsin de sgiteán do thuig sé an cás. Dhearc sé ar an Dochtúir.

“Siad seo na Bannaí a bhí caillte mar dhóigh dhe,” ar seisean; “na Bannaí do bhí goidthe agamsa, mar dhóigh dhe.”

Gháir an Dochtúir. Ba ghránna uathbhásach an gáiridhe é.

“Is iad, ach ní fhágfair-se an áit seo beo chun sgéithte orm, a spiaire gan mhaith.”

B’in é an deire. Chonnaic Fernkhorn an lámh dá shíneadh go tapaidhe i dtreó tairreacáin a bhí ar dheis na deisge. Chuala sé na focla san am gcéanna. Agus annsin d’imthigh gach aoinní ar buile ina thimcheall. Bhí bulla báisín ina cheann. Bhí greim sgórnaighe aige ar dhuine éigin. Bhí sé ag fáisgeadh an anama as.…

As ‘An Rún’, An Rún agus Scéalta eile (Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1932), lgh. 14–15.