John B. Keane

John B. Keane

Grianghrafadóir: Bill Doyle

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Tar éis meánoideachais i gColáiste Mhichíl, Lios Tuathail, chaith John B. Keane tamall de bhlianta i Sasana roimh shocrú síos i Lios Tuathail i 1954 mar thábhairneoir agus scríbhneoir. A dhráma Sive a tharraing aird na hÉireann air i 1959. Is iad The Field (1965) agus Big Maggie (1969) na drámaí is clúití leis. Scríobh sé leabhar i nGaeilge ar fhear déanta cleamhnas, Dan Pheaidí Aindí, i 1977, chomh maith le gearrscéalta, úrscéalta agus saothar ilchineálach eile. Bhronn Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Luimnigh agus Marymount College (Manhattan) dochtúireachtaí oinigh air.

Educated in Coláiste Mhichíl, Listowel, John B. Keane spent some years in England before settling in Listowel in 1954 as a publican and writer. His play Sive brought him to the public's attention in 1959. His best known plays are The Field (1965) and Big Maggie (1969). Dan Pheaidí Aindí, his book in Irish on the famous matchmaker, was published in 1977. He also wrote short stories, novels and various other works. He received honorary doctorates from Trinity College Dublin, the University of Limerick and Marymount College (Manhattan).

Dáta breithe: 21 Iúil 1928

Dáta báis: 30 Bealtaine 2002

Naisc: Beatha ar Ainm.ie »

Scaip an phortráid seo:

An chéad chluiche eile bhí an t-athair sa lucht féachana, agus ní raibh teorainn lena bhród nuair a chonaic sé fad agus airde na gcic, deas agus clé. Tar éis an chluiche mhol sé é agus thug leis é chun an tábhairne ba ghoire dóibh, áit a raibh, le seans, Dan Pheaidí Aindí ag ól pionta. Ceannaíodh deoch agus déanadh cleamhnas.

Phós an bheirt agus bhí sonas agus rath orthu. Saolaíodh triúr mac dóibh, agus ní raibh duine acu a bhí ábalta ar liathróid a bhualadh leis an gcois deas, rud a thaispeánann gur treise dúchas ná oiliúint an tsaoil.

Díreach tar éis an cleamhnas a dhéanamh, chuaigh Dan go dtí an firín críonna buí, a bhí fágtha ina aonar anois. Thug Dan léacht dó mar gheall ar an méid seanfhear a chailleadh go luath tar éis mná óga a phósadh, agus tugadh le tuiscint don fhirín go mba oiriúnaí dó bean dá aois féin, nach mbeadh ag súil leis an oiread san teaspaigh uaidh.

Agus, gan dabht, tharla go raibh aithne ag Dan ar a leithéid de bhean.

As Dan Pheaidí Aindí (Mercier Press, 1977), lch 15.