Isobel Ní Riain

Isobel Ní Riain

Grianghrafadóir: Moira Sweeney

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 22 Lúnasa 2022

Suíomh: Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

I gCorcaigh sa bhliain 1969 a rugadh Isobel Ní Riain. San Oileán Beag a tógadh í, áit mhór tionsclaíochta anois, ach talamh feirmeoireachta ab ea a fhormhór an uair sin. I gColáiste na hOllscoile Corcaigh a fuair sí ardoideachas. An Ghaeilge agus an tSocheolaíocht na hábhair a bhí aici don BA, scríobh sí MA ar shocheolaíocht na litríochta (faoi stiúir Piet Strydom), agus rinne sí PhD ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin (faoi stiúir an Dra. Pádraigín Riggs). Bhí Ní Riain riamh i mbun pinn. Leis an bhfilíocht a thosaigh sí, agus nuair a bhain sí Caireo amach, tar éis di tréimhse a chaitheamh i Londain, thug sí faoi úrscéal Béarla nár thaispeáin sí d’éinne riamh. Tar éis di ceithre bliana a chaitheamh san Éigipt, d’fhill ar Éirinn agus scríobh sí B’as Éirinn Di (Coiscéim, 2018). Cé go raibh leabhar ar an Direánach foilsithe aici cheana féin b’é an t-úrscéal sin a chuir ar bhóthar na scríbhneoireachta cruthaithí í. Scríobh sí leabhar eile, bunaithe ar thaighde an MPhil a bhí déanta aici, ar logainmneacha agus ar an gcuimhne atá nasctha leo, Logainmneacha agus an Chuimhne (Coiscéim, 2019). Tá anáil an Oileáin Bhig le brath go láidir ar an leabhar sin agus ar fhormhór na n-úrscéalta atá scríofa ag Isobel Ní Riain. Tá leabhar socheolaíochtúil scríofa aici ar litríocht an Bhlascaoid, Léiriú Socheolaíochtúil ar Litríocht an Bhlascaoid (Coiscéim, 2019). Rinne sí máistreacht ar an oideachas ar an tríú leibhéal (MATLHE) agus d’fhoilsigh sí leabhar ar úsáid na ról-imeartha i léachtaí litríochta bunaithe ar an tráchtas sin. D’fhoilsigh sí leabhar ar obair ghrúpa agus ceann eile ar a cuid modhanna múinte i gcoitinne. Tá sí fostaithe anois in Ionad na Gaeilge Labhartha in Ollscoil Chorcaí agus bíonn sí ag múineadh thar ceann Roinn na Nua-Ghaeilge san ollscoil sin chomh maith. Dar léi, is iad na tréimhsí a chaith sí thar lear, i Londain mar mhúinteoir Gaeilge agus mar mhúinteoir Béarla agus i gCaireo, mar léachtóir Béarla, a rinne scríbhneoir di ach tá nasc an-mhór idir a saothair agus an tOileán Beag. Tá roinnt aistriúcháin déanta aici chomh maith ón nGearmáinis go Gaeilge agus ón mBéarla go Gaeilge.

Isobel Ní Riain was born in 1969 in Cork. She was raised in Little Island, a place known for its industrial estates now but that was still mainly farmland then. The landscape of Little Island has hugely influenced her. She received her university education in University College Cork. She studied Irish and Sociology for her BA degree and she did an MA on the sociology of literature (supervised by Piet Strydom), she did her PhD on the poetry of Máirtín Ó Direáin (supervised by Dr. Pádraigín Riggs). Ní Riain had always been writing. She started out writing poetry and then when she went to live and work in Cairo, having spent two years in London, she started to write a novel in English which she never showed to anyone. Having returned from Cairo after four years, she wrote B’as Éirinn Di (Coiscéim, 2018). Although she had published a book on Máirtín Ó Direáin (Carraig agus Cathair: Ó Direáin, Cois Life, 2002) years before, it was this novel that started Ní Riain’s journey into creative writing. She published a book based on her MPhil thesis on placenames and memory, Logainmneacha agus an Chuimhne (Coiscéim, 2019). Little Island figures very prominently in that work as it does in many of her novels. She wrote another book at this time which was a sociological analysis of Blasket literature, Léiriú Socheolaíochtúil ar Litríocht an Bhlascaoid (Coiscéim, 2019). She has published a book on role-play based on her master’s thesis in Higher Level Education, MATHLE. She published another book on her use of group work in the classroom and on her teaching methods in general. She works in Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC, and also teaches for Roinn na Nua-Ghaeilge in UCC. She believes that while her time spent living in London and Cairo made her a writer, Little Island is a major inspiration for her books. She has also translated poetry from German to Irish and prose from English to Irish.

Dáta breithe: 1969

Scaip an phortráid seo:

Al Bint – an cailín

Cad a thug Lisa go dtí an Éigipt? Bhuel, bhí a lán cúiseanna leis. Theastaigh uaithi éalú óna saol féin. Ach tá a fhios ag an saol nach féidir a léithéid a dhéanamh i ndáiríre. Munar féidir leat éalú ón saol a ceapadh duit, ar a laghad is féidir éalú ón dtír inar tógadh tú. Bhraith sí as alt in Éirinn. Níor glacadh riamh léi mar a glacadh le daoine eile. Níor fhéach sí cosúil le hÉireannach fiú amháin. Bhí gruaig dhubh uirthi agus bhí a súile donn, agus bhí a craiceann buí. Cheap gach éinne gur eachtrannach ab ea í. Is dócha go raibh sí ag faire ar a seans chun bailiú léi as Éirinn. Agus tharla gur tháinig Éigipteach fir an treo agus thit sí i ngrá leis dar ndóigh. Fíorghrá a bhí ann gan dabht, níor thit sí i ngrá leis toisc gurbh Éigipteach é. Bhuel, b’fhéidir gur chabhraigh sé sin le cúrsaí. An raibh seisean i ndiaidh titim i ngrá léi? B’fhéidir go raibh. Níorbh é an grá céanna é ach bhí suim aige inti, is dócha. Anuas air sin go léir, bhí sé sa chinnúint go rachadh Lisa áit éigin mar an Éigipt. Nuair a bhí sí an-óg, ina leanbh, thug a máthair ar turas go coill éigin í agus fad is a bhí Lisa ina luí ar an bhféar do tháinig laghairt amach as tor agus do rith sé timpeall ar Lisa bheag. Do cheap a máthair gur dea-chomhartha ab ea é sin. Ach comhartha ab ea é go gcaithfeadh Lisa a saol i dtír a bhí lán de laghairteanna.

B’as Éirinn Di (Coiscéim, 2018), lch 9.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00