Gearóid Stockman

Gearóid Stockman

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Suíomh: An Chultúrlann, Béal Feirste

Rugadh Gearóid i mBéal Feirste i 1933 agus fuair sé a chuid oideachais sa chathair chéanna i gColáiste Naomh Maolmhaodhóg agus in Ollscoil na Banríona. Chaith sé 14 bliana ag teagasc i meánscoileanna éagsúla sular ceapadh ina léachtóir i Roinn an Léinn Cheiltigh in Ollscoil na Banríona é i 1968. Rinneadh ollamh de i 1980. Sa chanúineolaíocht agus sa ghramadach is mó a bhí suim aige ach ghlac sé páirt fosta i dtionscnaimh a bhain le logainmníocht, nó an dinnseannchas, agus le foclóireacht. Chaith sé cúig bliana ina eagarthóir ar An tUltach

Gearóid was born in Belfast in 1933 and was educated in that city in St Malachy’s College and Queen’s University. He spent 14 years teaching in various secondary schools before being appointed to a lectureship in the Department of Celtic Studies in Queen’s in 1968. He was promoted to the Chair of Celtic Studies in 1980. His primary interests were Irish dialectology and grammar but he also participated in projects involving toponymy and lexicography. He spent five years editing An tUltach

Dáta breithe: 1933

Áit bhreithe: Béal Feirste, Co. Aontroma

Scaip an phortráid seo:

Sa Ghaeilge i gcoitinne tá corrfhocal a raibh guta fada ann sa tSean-Ghaeilge atá gairid anois: léicid > lig; rét > rud. Giorraíodh fosta gutaí fada aiceannta roimh chuimilteach glórach + d, l, nr: naimhde (námha); cluimhreach (clúmh); aibhleog (éibhleog). I nGaeilge Chúige Uladh giorraítear gutaí fada i siollaí neamhaiceannta: /'brɑtɔg/, bratóg; /kɔtə 'mo:r/, cóta mór; /'drɔxəN't'ə/, drochmhúinte agus i siollaí aiceannta á roimh /h/ idirghutach; /'mɑhər'/, máthair; /snɑhəd/, snáthad agus, corruair, í roimh /h/ nó /x'/ idirghutach: /N'ihəməd'/, nífimid; /d'ix'əʟ/, dícheall. Tá mórán samplaí, áfach, de ghutaí fada aiceannta á ngiorrú in áiteanna i gCúige Uladh, atá níos deacra a thabhairt faoi riail. Cuirim i gcás, ar fud Chúige Uladh ar fad beagnach tá an chéad ghuta san fhocal mórán gairid agus, cé go bhfuil guta fada san fhocal móin ar fud an Chúige, i gcorráit tá an guta aiceannta gairid sa tuiseal ginideach mónadh.

Gearóid Stockman, “Giorrú gutaí fada aiceannta i nGaeilge Chúige Uladh” i bhFéilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe, eag. Seosamh Watson, lgh 11-18 (An Coláiste Ollscoile, 1986)

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00